Seanad debates

Wednesday, 15 February 2012

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don tSeanadóir as an chás seo a thógáil.

Ós rud é gurb í an bhun-shaincheist atá ardaithe ag an Seanadóir Ó Clochartaigh ná próiseáil iarratais ar víosa, tá an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Cosanta tar éis glacadh léi arna haistriú ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Creideann an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go bhféadfaidh sé bheith cuiditheach míniú gairid a thabhairt ar conas a oibríonn córas víosaí na hÉireann agus an caidreamh idir an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i ndáil le cúrsaí víosa. Is é an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a leagann síos an beartas foriomlán maidir le víosaí agus féadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh ar víosa ar líne agus cáipéisíocht tacaíochta a chur faoi bhráid aon ambasáide nó consalachta Éireannaí áit ar bith ar fud na cruinne. Tá sain-chomhshocraíocht tairmligthe maidir le ceaduithe i bhfeidhm idir an dá Roinn faoina bhféadfaidh ball foirne ambasáide, a thuairiscíonn don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, víosaí a dheonú in imthosca teoranta áirithe. I gcásanna atá níos casta nó i gcásanna ina mbraitheann comhaltaí foirne ambasáide nach féidir leo víosa a dheonú, déantar an t-iarratas a tharchur chuig an oifig chuí de chuid na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce, INIS. Sa chás dá dtagaraíonn an Seanadóir, fuarthas an t-iarratas bunaidh in Ambasáid na hÉireann i dTel Aviv agus cuireadh ar aghaidh go dtí ceanncheathrú INIS i mBaile Átha Claith é.

I ndail le cinntí faoi iarratais aonair ar víosa, is ceart cuimhneamh gur faoin iarratasóir atá sé Oifigeach na Víosaí a shásamh maidir le cén fáth ar cheart an víosa atá á lorg a dheonú. Ós rud é gur iarratasóir ar leith gona thosca teaghlaigh ar leith a bhíonn i gceist le gach iarratasóir, tá sé dodhéanta bheith iomlán saintreorach faoin gcineál faisnéise tacaíochta ba cheart a sholáthar. Ach ba cheart don iarratasóir a oiread fianaise a chur ar fáil agus is féidir a bhreithniú go réasúnach. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, d'éagmais faisnéise leordhóthainí tacaíochta, nach féidir le hoifigeach na víosaí teacht ar thuairimí faoi imthosca an iarratasóra aonair. Ar deireadh thiar, is de rogha an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, arna tarmligean chuig na hoifigigh iomchuí, an cinneadh ar aon iarratas ar víosa.

Cé nach ndéanann an t-Aire iarratais aonair a phlé, de ghnáth, is féidir leis a rá sa chás seo gur bean óg Phailistíneach a thugann iníon léinn uirthi féin atá san iarratasóir ar víosa. lonadaithe de chuid Ghrúpa Tacaíochta Leanaí Gaillimh - na Pailistíne atá san óstach agus sa lucht tagartha in Éirinn. Ba é cuspóir na cuairte, mar a cuireadh síos uirthi san iarratas, ná cuidiú le roghnú bréagán oiriúnach lena dtabhairt go Gaza, mar aon leis an bhféidearthacht bhreise go labhródh sí ar an ngleic i nGaza i gcathracha éagsúla in Éirinn. Diúltaíodh don iarratas ar dtús de dheasca roinnt imthosca, ar a n-áirítear neamhréireacht i bhfaisnéis phearsanta an iarratasóra, neamhleorgacht na dtaifead airgeadais a cuireadh ar fáil agus faisnéis eile a fuarthas amach ó fhiosrúcháin a rinneadh le linn an t-iarratas ar an víosa a phróiseáil. Féachtar ar gach taobh d'iarratais ar víosaí, ag cur san áireamh an fhaisnéis go léir atá ar fáil, agus, mar a dúradh thuas, is faoin iarratasóir atá sé an t-am go léir a dheimhniú d'oifigeach na víosaí go bhfuil an víosa tuillte. Agus cinneadh á dhéanamh ar aon víosa, ní mór d'oifígeach na víosaí cóimheá chuí a bhaint amach idir córas éifeachtach inimirce a bheith ann agus gan an iomarca constaicí neamhriachtanacha nó míréasúnacha a chur i mbealach na ndaoine a bhfuil fúthu taisteal ar chúiseanna bailí agus ar dócha go gcloífídh siad le téarmaí a víosaí. Agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh sa chás seo, ní raibh an té a bhí ag déanamh an chinnidh lánsásta go gcloífeadh an t-iarratsóir le coinníollacha an víosa, go háirithe go bhfíllfeadh sí tar éis don víosa dul in éag.

Chun aon amhras a sheachaint, is ceart go mbeadh a fhios ag an Seanadóir go bhfuarthas 83,000 iarratas ar víosa chun teacht isteach sa tír anuraidh agus, san iomlán, ceadaíodh 91% díobh. Is é 91% an uimhir de na hiarratais a ceadaíodh ó shealbhóirí pasanna de chuid Údarás na Palaistíne agus tá sin go hiomlán de réir an ráta ceadaithe ar fud na cruinne.

Fuarthas achomharc ina dhiaidh sin, mar aon le huirríll thar ceann an iarratasóra. Oifigeach eile, níos sinsearaí ná an chéad oifigeach víosaí, a dhéileálann le gach achomharc maidir le víosa. Cé go ndearnadh breithniú iomlán ar na huirríll sin, níor bhraith an t-oifigeach achomharc gur tugadh aghaidh go leordhóthanach ar na cúiseanna bunaidh gur diúltaíodh don iarratas agus sheas an t-oifigeach leis an gcinneadh bunaidh. Is mar sin atá cúrsaí maidir leis an iarratas seo.

Mar is féidir a dhéanamh i gcónaí, is féidir leis an iarratasóir iarratas úr ar víosa a chur isteach más mian léi cuairt a thabhairt ar Éirinn agus féachfar ar aon iarratas den sórt sin ar a thuillteanais. Is mian leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chur in iúl go ndéantar cinneadh i leith víosaí ar bhealach críonna agus nach léiriú ar charachtar an iarratsóra é diúltú d'iarratas. Is féidir go ndéanfaidh oifigeach na víosaí víosaí a dhiúltú bunaithe ar mhíthuiscintí ach, lena athrá, is faoin iarratasóir atá sé a dheimhniú d'oifigeach na víosaí gur cheart víosa a thabhairt. Dá ndéanfadh an t-iarratasóir iarratas eile sa chás seo, ba ghá aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna gur diúltaíodh don iarratas bunaidh, go háirithe an fhaisnéis neamhdhóthanach airgeadais a cuireadh ar fáil.

Níl aon ní á rá ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais anseo faoi na pointí a ardaíodh sna huirríll ón Seanadóir ach sa mhéid a bhaineann siad le próiseáil iarrratas ar víosaí. Is mian leis an Aire a dheimhniú don Seanadóir agus don Teach go raibh an tslí ar déileáladh leis an iarratas seo ag teacht i gcónaí leis na nósanna imeachta caighdeánacha maidir le próiseáil iarratas. De bhreis air sin, is féidir leis an Seanadóir bheith cinnte de go bpléitear go fíordháiríre le hiarratais ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gcríocha na Pailistíne, agus leis an leibhéal céanna cúraim agus airde ar mhionsonraí is a phléitear le gach iarratas eile a thagann isteach, is cuma as cén pháirt den chruinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.