Seanad debates

Wednesday, 15 February 2012

Iarratais Víosaí

 

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh mo shean chara, an t-Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Dinny McGinley. Ní minic muid a bheith ag caint faoi ábhar ar bith seachas ábhar Gaeltachta, ach b'fhéidir nach bhfuil aon dochar ansin. Tá mé fíor bhuíoch de faoi theacht isteach chun an t-ábhar seo a phlé.

Ábhar é seo a tarraingíodh anuas ag grúpa atá lonnaithe i nGaillimh agus a thugann tacaíocht do mhuintir na na Palaistíne, go háirid do pháistí bheaga i gcríocha na Palaistíne. D'iarr siad orm é seo a ardú. Bunaíodh an grúpa seo i 2000. Chuaigh ionadaithe ón ngrúpa anonn go Gaza agus chas siad le bean óg thall ansin atá ag obair, mar oibrí dheonach, i naíolann bheag thall ansiúd.

Tá an grúpa seo i nGaillimh ag pleanáil cuairt eile a thabhairt ar limistéar Gaza go luath. Tá an cuairt seo á phleanáil le dhá bhliain anuas. Ceann des na rudaí a theastaíonn uathu a dhéanamh ná an bhean seo atá ag obair ins an naíolann siúd a thabhairt anall le tacaíocht a thabhairt di, ó thaobh breagán agus mar sin de, agus le go bhféadfadh sí labhairt le muintir na Gaillimhe. Tugadh cuireadh di i Mí íúil seo caite agus tá an grúpa sásta íoc as a cuid costaisí taistil, lóistín agus mar sin de. Ní chuirfeadh sí aon chostas ar an Stát agus bhéadh an grúpa breá sásta aire a thabhairt di.

I nganfhios don ghrúpa seo chuir an consal in Ambasáid na hÉireann i Tel Aviv an t-iarratas go dtí an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mBaile Átha Cliath. Ó shin i leith tá deacrachtaí ann deimhniú a fháil an bhfuil an bhean seo chun cead a fháil taistil nó nach bhfuil. Tá an grúpa tacaíochta i nGaillimh tar éis cuid mhaith iarratais a chur ar aghaidh ag iarraidh eolas breise. Is cosúil go raibh míchruinneas ins an eolas a bhí ag feidhmeannaigh éagsúla sa Roinn mar gur dhiúltaigh siad an t-iarratas ar choinsí airgeadais agus nach raibh an páipéarachas cuí curtha ar aghaidh. Cuireadh an páipéarachas cuí ar fad chun cinn arís agus tugadh barrantais ó thaobh airgeadais agus mar sin de.

Ó shin i leith, tá ceisteanna eile ardaithe. Cuireadh ceist an raibh an bhean pósta, cé go raibh sí tar éis teastas pósta a chur ar aghaidh chucu, dúradh nach raibh an ollscoil a raibh sí ag freastail air ann, cé go bhfuil an ollscoil chéanna bunaithe le 30 bliain, agus mar sin agus mar siúd de.

Tá an grúpa ag iarraidh go dtiocfadh an bhean anall. Tá sé fíor-thábhachtach do pháistí na Palaistíne go dtiocfadh sí, le go bhféadfadh sé bréagáin feiliúnacha a roghnú agus a aimsiú le tabhairt anonn le tacú leis na páistí bochta seo, agus bhéadh sé go maith dá bhféadfadh sí labhairt le roinnt grúpaí.

Tá mé ag ardú na ceiste seo mar go dteastaíonn uaim fáil amach an bhfuil bac á chur leis an iarratas seo, an bhfuil cúis éigin nach bhfuiltear ag tabhairt cead don bhean seo taisteal go Gaillimh, nó an féidir leis an Roinn an cheist seo a réiteach chomh scioptha agus is féidir le go mbéadh deis aici teacht go Gaillimh agus go bhféadfadh an grúpa tacaíochta bualadh léi agus an obair thábhachtach seo a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.