Seanad debates

Tuesday, 6 December 2011

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cuirim céad fáilte arís roimh an Aire Stáit don dara huair inniu. Tá a fhios agam go bhfuil neart eile ar siúl inniu.

Iarradh orm ceist a ardú maidir le tionscal atá fíor tábhachtach i dtaobh tionscal na hiascaireachta, tionscal nach ndéantar mórán cainte faoi de ghnáth ach a bhfuil seans ann go bhféadfadh sé cuid mhaith fostaíochta a chruthú agus a bhféadfadh cuidiú le tionscal na turasóireachta - is é sin iascach na n-eascann anseo in Éirinn.

This matter concerns an industry which is not often spoken about or well known but it is important for the fishing industry, namely, the eel fishing industry. It was a thriving industry but a ban on eel fishing was put in place some years ago. This has prevented fishing for eels even though the industry is thriving in the Six Counties and is creating employment and assists the tourism industry. I am seeking clarification of the Government's policy and strategy for the development of the eel fishing indystry. Will the Minister of State indicate if the ban will be lifted soon?

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sa bhliain 2007, tar éis thaighde eolaíochta de chuid Comhairle Idirnáisiúnta um Thaisceolaíocht na Farraige, ICES, a léirigh go raibh drochbhail rí-thábhachtach ar stoic eascann na hEorpa, thug an tAontas Eorpach isteach rialachán go bhfuil mar sprioc aige téarnamh na stoc chomh fada leis na hardleibhéil a bhíodh ann fadó. Léiríonn na meastacháin gur tharla géar thitim de 90% ar na stoic san tríocha bliain anuas go dti sin agus sa bhliain 2008, ainmníodh an eascann Eorpach go hoifigiúil a bheith i mbaol. Sin an fhíric bhunúsach, go bhfuil siad i mbaol.

Leagann an rialachán ar gach ballstát plean náisiúnta um bhainistiocht na n-eascann a ullmhú. Cuireadh plean na hÉireann faoi bhráid Coimisiun na hEorpa i mí Iúil 2009. Mar chuid den phlean sin, agus é bunaithe ar togha na comhairle bainistíochta agus eolaíochta a bhí ar fáil, glacadh leis an gcinneadh iascach na n-eascann a thabhairt chun stad maraon le bearta caomhnaithe eile chun cur le téarnamh na stoc.

Cuireann fógra caomhnaithe na n-eascann, uimhir CS 303 de 2009, an cinneadh sin i bhfeidhm agus foráiltear ann do dhúnadh an iascaigh go dtí Meitheamh 2012, uair a hathbhreithneofar go hiomlán staid na stoc agus go dtuairisceofar do Coimisiún an hEorpa de réir rialachán na comhairle. San athbhreithniú seo, pléifear cé acu an féidir iascach eascann a oscailt i gceantar abhantraí ar bith agus a thabhairt i gceist na sonraí a bhailíodh idir an dá linn agus conas d'éirigh leis na stoic. Cuimsítear sa phlean bainistiochta eascann clár cuimsitheach um fhaireachán agus um mheasúnú ar na gníomhartha bainistíochta agus a gcur i bhfeidhm. San áireamh freisin, tá clár um mheasúnú eolaíoch ar stoic na n-eascann chun bunlíne stoc a chur ar bun, chun éalu i láthair na huaire de na heascainn airgid a mheasúnú agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhm na ngníomhartha bainistíochta ar stoic logánta. Deirtear sna tuairiscí i leith na blianta 2009 agus 2010 chun an Aire maidir leis an bplean náisiúnta um bhainistíocht na n-eascann arna ullmhú ag an mbuan-chomhairle eolaíochta um eascainn, ar a bhfuil freagracht as faireachán ar na gníomhartha eolaíochta a léirítear i bplean bainistíochta na n-eascann, go bhfuiltear ag leanúint den eolas a bhailiú agus dála na dtasc go luíonn na stoic fós i ndrochbhail ríthábhachtach.

Tugadh faoi suirbhéanna cuimsitheacha agus measúnaithe ar earcú na n-eascann óg, ar eascainn bhuí agus ar eascainn airgid a bhi ag aibiú le linn 2009 agus 2010 agus táthar ag leanúint diobh sa bhliain 2011. Tá na measúnaithe agus na suirbhéanna seo á stiúradh ag Iascaigh Intíre Éireann, ag Ollscoil Éireann Gaillimh, ag Bord Soláthar an Leictreachais agus ag Foras na Mara. Do rith an BSL clár iomlán caomhnaithe um eascainn airgid a bhreith agus a iompar, mar a thiomnaíodh sa phlean bainistiochta eascann, ar aibhneacha na hEirne, na Sionainne agus na Laoi le linn 2009 agus 2010 agus ta sé á rith arís sa bhliain 2011.

Léiríonn réamh-mheastacháin ar éalú na n-eascann airgid in abhantracha áirithe go bhfuil borradh éigin i bhfreagairt do dhúnadh an iascaigh agus luíonn na réamh-mheastacháin seo san raon go mbeadh súil leo, a léiriodh sna pleananna bainistiochta eascann. Beidh meastacháin iomlan ar thairgiú agus ar éalú na n-eascann airgid ar fáil le haghaidh tuairisc 2012 chuig an AE. Ní féidir fós oiread na stoc a mheas le haghaidh na ndobharlach móra ná le haghaidh uiscí idirchriosacha agus tá siad san mar ábhar ag staidéeir fadtéarmacha um mharcáil agus um athbhreith agus ag cleachtaithe samhaltuithe chun oiread na stoc logánta a mheas

agus tairgeadh acmhainneach agus réaduil a mheas.

Is cúis mór-imní i gcónaí leathadh seadán ionrach neamhdhúchasach an bhoilg snámha, Anguillicoloides, mar gur féidir go gcuirfidh sé le meath breise agus go gcuirfidh sé in aghaidh téarnamh stoc na n-eascann. Mar achoimre, ta meath ar earcú na n-eascann óga ó na 1980dí anuas agus theip air teacht slán.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus tréaslaím leis as ucht freagairt as Gaeilge. Is breá an rud sin a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair sin a dhéanamh, go háirithe ar ábhar casta agus teicniúil mar seo. Tá mé thar a bheith buíoch dó as ucht a fhreagra a thabhairt i nGaeilge.

An cheist bhunúsach eile a bheadh agam faoi seo ná, ní chosúil go bhfuil aon chosc i bhfeidhm sna Sé Contae ar iascach na n-eascann, ach tá sé i bhfeidhm ó dheas. Tá codarsnacht áirithe ansin, mar deirtear to dtagann cuid mhaith de na h-eascainn ón áit chéanna, go síolraíonn siad san áit chéanna. Nach bhfuil sé beagán ait gur féidir iascach eascann a dhéanamh ó Thuaidh agus nach féidir é a dhéanamh ó Dheas? An bhfuil aon seans go mbainfear an bac i mí Meitheamh?

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé an-tábhachtach an prionsabal sin a chur i bhfeidhm más féidir sin. Ba chóir go mbeadh an polasaí céanna ann maidir le hiascaireacht Thuaidh agus Theas. Táim sásta na tuairimí atá nochtaithe ag an Seanadóir anocht a thabhairt chuig an Roinn agus chun freagra iomlán a fháil dó ar an scéal. Tá mé féin sásta féachaint isteach sa scéal chomh luath agus is féidir liom. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as cur suas le mo Ghaeilge bhriste.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith agat féin. Tá sé thar barr.