Seanad debates

Tuesday, 6 December 2011

3:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Sa bhliain 2007, tar éis thaighde eolaíochta de chuid Comhairle Idirnáisiúnta um Thaisceolaíocht na Farraige, ICES, a léirigh go raibh drochbhail rí-thábhachtach ar stoic eascann na hEorpa, thug an tAontas Eorpach isteach rialachán go bhfuil mar sprioc aige téarnamh na stoc chomh fada leis na hardleibhéil a bhíodh ann fadó. Léiríonn na meastacháin gur tharla géar thitim de 90% ar na stoic san tríocha bliain anuas go dti sin agus sa bhliain 2008, ainmníodh an eascann Eorpach go hoifigiúil a bheith i mbaol. Sin an fhíric bhunúsach, go bhfuil siad i mbaol.

Leagann an rialachán ar gach ballstát plean náisiúnta um bhainistiocht na n-eascann a ullmhú. Cuireadh plean na hÉireann faoi bhráid Coimisiun na hEorpa i mí Iúil 2009. Mar chuid den phlean sin, agus é bunaithe ar togha na comhairle bainistíochta agus eolaíochta a bhí ar fáil, glacadh leis an gcinneadh iascach na n-eascann a thabhairt chun stad maraon le bearta caomhnaithe eile chun cur le téarnamh na stoc.

Cuireann fógra caomhnaithe na n-eascann, uimhir CS 303 de 2009, an cinneadh sin i bhfeidhm agus foráiltear ann do dhúnadh an iascaigh go dtí Meitheamh 2012, uair a hathbhreithneofar go hiomlán staid na stoc agus go dtuairisceofar do Coimisiún an hEorpa de réir rialachán na comhairle. San athbhreithniú seo, pléifear cé acu an féidir iascach eascann a oscailt i gceantar abhantraí ar bith agus a thabhairt i gceist na sonraí a bhailíodh idir an dá linn agus conas d'éirigh leis na stoic. Cuimsítear sa phlean bainistiochta eascann clár cuimsitheach um fhaireachán agus um mheasúnú ar na gníomhartha bainistíochta agus a gcur i bhfeidhm. San áireamh freisin, tá clár um mheasúnú eolaíoch ar stoic na n-eascann chun bunlíne stoc a chur ar bun, chun éalu i láthair na huaire de na heascainn airgid a mheasúnú agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhm na ngníomhartha bainistíochta ar stoic logánta. Deirtear sna tuairiscí i leith na blianta 2009 agus 2010 chun an Aire maidir leis an bplean náisiúnta um bhainistíocht na n-eascann arna ullmhú ag an mbuan-chomhairle eolaíochta um eascainn, ar a bhfuil freagracht as faireachán ar na gníomhartha eolaíochta a léirítear i bplean bainistíochta na n-eascann, go bhfuiltear ag leanúint den eolas a bhailiú agus dála na dtasc go luíonn na stoic fós i ndrochbhail ríthábhachtach.

Tugadh faoi suirbhéanna cuimsitheacha agus measúnaithe ar earcú na n-eascann óg, ar eascainn bhuí agus ar eascainn airgid a bhi ag aibiú le linn 2009 agus 2010 agus táthar ag leanúint diobh sa bhliain 2011. Tá na measúnaithe agus na suirbhéanna seo á stiúradh ag Iascaigh Intíre Éireann, ag Ollscoil Éireann Gaillimh, ag Bord Soláthar an Leictreachais agus ag Foras na Mara. Do rith an BSL clár iomlán caomhnaithe um eascainn airgid a bhreith agus a iompar, mar a thiomnaíodh sa phlean bainistiochta eascann, ar aibhneacha na hEirne, na Sionainne agus na Laoi le linn 2009 agus 2010 agus ta sé á rith arís sa bhliain 2011.

Léiríonn réamh-mheastacháin ar éalú na n-eascann airgid in abhantracha áirithe go bhfuil borradh éigin i bhfreagairt do dhúnadh an iascaigh agus luíonn na réamh-mheastacháin seo san raon go mbeadh súil leo, a léiriodh sna pleananna bainistiochta eascann. Beidh meastacháin iomlan ar thairgiú agus ar éalú na n-eascann airgid ar fáil le haghaidh tuairisc 2012 chuig an AE. Ní féidir fós oiread na stoc a mheas le haghaidh na ndobharlach móra ná le haghaidh uiscí idirchriosacha agus tá siad san mar ábhar ag staidéeir fadtéarmacha um mharcáil agus um athbhreith agus ag cleachtaithe samhaltuithe chun oiread na stoc logánta a mheas

agus tairgeadh acmhainneach agus réaduil a mheas.

Is cúis mór-imní i gcónaí leathadh seadán ionrach neamhdhúchasach an bhoilg snámha, Anguillicoloides, mar gur féidir go gcuirfidh sé le meath breise agus go gcuirfidh sé in aghaidh téarnamh stoc na n-eascann. Mar achoimre, ta meath ar earcú na n-eascann óga ó na 1980dí anuas agus theip air teacht slán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.