Seanad debates

Tuesday, 6 December 2011

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus tréaslaím leis as ucht freagairt as Gaeilge. Is breá an rud sin a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair sin a dhéanamh, go háirithe ar ábhar casta agus teicniúil mar seo. Tá mé thar a bheith buíoch dó as ucht a fhreagra a thabhairt i nGaeilge.

An cheist bhunúsach eile a bheadh agam faoi seo ná, ní chosúil go bhfuil aon chosc i bhfeidhm sna Sé Contae ar iascach na n-eascann, ach tá sé i bhfeidhm ó dheas. Tá codarsnacht áirithe ansin, mar deirtear to dtagann cuid mhaith de na h-eascainn ón áit chéanna, go síolraíonn siad san áit chéanna. Nach bhfuil sé beagán ait gur féidir iascach eascann a dhéanamh ó Thuaidh agus nach féidir é a dhéanamh ó Dheas? An bhfuil aon seans go mbainfear an bac i mí Meitheamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.