Seanad debates

Wednesday, 20 February 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

11:40 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Ba bhreá liom cur leis an méid atá ráite ag mo dhá chomhghleacaithe, an Seanadóir Ó Clochartaigh agus an Seanadóir Ó Broin. Aontaím leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh. Má táimid ag iarraidh cur le húsáid na Gaeilge sa Pharlaimint seo, ba chóir go mbeimid in ann gach gné d'ár gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge agus is mór an trua é nach mar sin atá.

Ba cheart go mbeadh muid in ann gach gné de a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbeadh ar ár gcumas moltaí agus leasuithe a mholadh trí mheán na Gaeilge chomh maith. Táim ag súil le go dtiocfaidh an lá sin, ach tá a fhios agam gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Mar adúirt an Seanadóir Ó Broin, bheadh sé an-úsáideach dá mbeadh foclóir ar fáil anseo. Tá an trealamh ar fáil dúinn uilig anseo chun éisteacht leis an aistriúcháin Gaeilge-Béarla más gá sin dúinn. Ní bheadh aon fhadhb agam le na leabhair seo - an foclóir - a bheith ar fáil ar ghach binse freisin. Meabhródh siad dúinn uilig go gcaithfimid ár n-iarracht a dhéanamh an mhéid agus is féidir linn. Mar sin, tá súil agam go dtiocfaidh an lá sin. Inniu, tréasláim leis an Aire Stáit agus tacaím leis an mBille agus leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.