Seanad debates

Wednesday, 20 February 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

11:40 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don reachtaíocht seo. Tá áthas orm go bhfuil an Bille ag dul tríd. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Coimisiún Thithe an Oireachtais agus le Vivian Uíbh Eachach as an gCaighdeán Oifigiúil a cuireadh ar fáil an bhliain seo caite. Measaim gur cáipéis iontach tábhachtach é an caighdeán athbhreithnithe. Molaim do scoileanna ar fud na tíre an caighdeán seo a fháil. Cuireann an reachtaíocht seo bunús reachtúil ar an gcaighdeán freisin. Táimid sásta leis sin. Caithfimid cabhair a thabhairt don teanga i gcónaí agus deiseanna a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid. Aontaím leis an moladh a rinne mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, go gcuirfí foclóir parlaiminteach agus reachtaíochta le chéile. Bheadh sé sin an-úsáideach, fiú amháin dóibh siúd a bhfuil Gaeilge réasúnta acu. Tacaímid leis an mBille seo. Tá súil againn go rachfaidh sé i bhfeidhm mar Acht go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.