Seanad debates

Wednesday, 20 February 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

11:40 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Mar is cuimhin leis, dúirt muid nuair a bhí sé anseo roimhe seo go bhfuilimid i bhfábhar an Bhille seo. Aithnímid an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh comhtháthú na gnéithe éagsúla a bhaineann le chúrsaí aistriúcháin. Tá lárnú á dhéanamh ar na seirbhísí sin faoi Thithe an Oireachtais. Fáiltímid roimh an obair iontach maith a dhéanann Rannóg an Aistriúcháin anseo sna Tithe. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le aitheantas a thabhairt d'fhoireann na rannóige faoin dtacaíocht ar fad a thugann siad dúinn.

Is trua é nach bhfuil cúpla leasú eile a chabhródh linn ag teacht chun cinn inniu. Cé go bhfuil deis agam labhairt as Gaeilge sa Teach seo, mar atá mé ag déanamh faoi láthair, ní féidir liom mo chuid gnóthaí ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ní féidir liom leasuithe a mholadh trí Ghaeilge, mar shampla. Bhéinn ag súil go dtiocfadh a leithéid de leasú chun cinn. Dá mbeadh reachtaíocht á n-aistriú againn de réir mar atáimid ag dul ar aghaidh, sílim nach mbeadh stádas den dara grád á thabhairt don Ghaeilge nuair atá Billí á fhoilsiú. Is céim ar gcúl é nach bhfuilimid ag foilsiú na Billí go comhuaineach as Gaeilge as as Béarla. Chuir an Rialtas siar an cinneadh atá ann maidir leis sin.

Tá sé tábhachtach, agus na gnóthaí seo á phlé againn, go ndéanfaimid scrúdú ar an téarmaíocht agus an foclaíocht a úsáidtear sa Seanad agus sa Dáil maidir le Billí, srl. Rinneadh roinnt plé ar an ábhar seo ag Tóstal na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Tuigtear dom go raibh foclóir parlaiminte ann roimhe seo. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí uasghrádú ar sin chun deis a thabhairt do Sheanadóirí agus do Theachtaí a dhéanann an-iarracht ó thaobh na Gaeilge de, an teanga a úsáid sa chomhthéacs seo. Sílim go mbeadh sé úsáideach dá bhféadfaí leagan den foclóir parlaiminte sin a athfhoilsiú agus a thabhairt do na Baill ar fad.

Mhol duine éigin ag an deireadh seachtaine gur cheart do Rannóg an Aistriúcháin bileog eolais, a chlúdódh focail ábhartha Gaeilge a bheadh comónta, a fhoilsiú agus a sholáthar dúinn nuair a thagann Billí amach. Bheadh sé úsáideach dá mbeimid in ann acmhainn den tsórt sin a úsáid agus reachtaíocht á phlé againn. B'fhéidir go ndéanfaidh an rannóg scrúdú ar an moladh sin, mar go bhfuil an téarmaíocht acu. Go ginearálta, aithnímid gur athrú beag teicniúil atá i gceist anseo. Molaimid an tAire Stáit faoin Bille seo a thabhairt chun cinn. Táimid sásta tacaíocht a thabhairt don leasú atá ar bun aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.