Seanad debates

Wednesday, 20 February 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

11:40 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar atá ráite, is leasú é seo ar an mBille, a thionscnaíodh sa Teach seo i mí na Samhna seo caite. Chuaigh an reachtaíocht seo go dtí an Dáil i mí Eanáir na bliana seo. Níl anseo ach leasú teicniúil ar an mBille. Is é an rud atá i gceist sa leasú ná aitheantas a thabhairt d'Achtanna eile a chuaigh tríd idir 2003 agus 2012. Ba leasú teicniúil é seo a bhí molta ag an Dréachtóir Parlaiminte. Achtaíodh an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) (Uimh. 2), 2012 ag deireadh na bliana seo caite. D'uireasa an leasú seo, ní raibh aitheantas tugtha don Acht sin sa Bhille a cuireadh chun cinn ar dtús. Rinne an Dáil an leasú teicniúil seo ar an mBille, a thionscnaíodh sa Teach seo, agus dá bhrí sin, tá sé mar oibleagáid orm teacht ar ais anseo chun cead an tSeanad a lorg i dtaobh an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.