Seanad debates

Wednesday, 20 February 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

11:50 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na Seanadóirí as an dea-mhéin agus an tacaíocht atá léirithe acu don Bhille seo. Sílim, mar adúirt an Seanadóir, go bhfuil comhtháthú á dhéanamh ar obair a bhí roinnte idir dhá oifig go dtí seo. Tá an obair go léir ag dul ar ais arís go dtí Rannóg an Aistriúcháín, atá anseo ó bunaíodh an Stát. Aon rud atá déanta ar son úsaide na Gaeilge i dTithe an Oireachtais, tá an chuid is mó den mholadh agus den chreidiúint don obair sin ag dul go dtí Rannóg an Aistriúcháin. Beidh siad in ann cur leis an obair sin sna blianta amach romhainn ó tharla go bhfuil an dá fhoireann comhtháite le chéile anois agus go bhfuil oibrithe breise, triúr no ceathrar, istigh sa rannóg.

Tá moltaí déanta ag Seanadóirí maidir le foclóir parlaiminte. Tá saghas cuimhne agam go raibh foclóir de chineál éigin ann agus feicim go n-aontaíonn an Seanadóir Ó Murchú liom go raibh a leithéid ann san am a chuaigh thart. Déanfaidh mé teagmháil le Rannóg an Aistriúcháin le fáil amach an bhfuil fáil ar an bhfoclóir sin go fóill, agus má tá, féachfaidh mé chuige go gcuirtear ar fáil é do na Teachtaí agus na Seanadóirí a theastaíonn sé uathu. Is moladh fiúntach é sin agus táim cinnte go mbeidh an-fhonn ar Rannóg an Aistriúcháin cuidiú agus cabhair a thabhairt dóibh siúd a bhfuil suim acu úsáid a bhaint as an Ghaeilge. Maidir le duilleog eolais a chur ar fáil nuair a bhíonn Bille á chur ar fáil, is moladh fiúntach é sin. Is cinnte go gcuirfidh oifigigh mo Roinne roimh Rannóg an Aistriúcháin chomh maith.

Táim an-buíoch do na Seanadóirí as an comhoibriú ar an Bhille sa Teach seo. Tá sé ar ais anois san áit in ar thosnaigh sé. Beidh sé ina reachtaíocht gan mhoill agus beidh muid uilig ag feidhmiú faoi na cúraimí úra atá á dtabhairt anois do Rannóg an Aistriúcháin. Arís, gabhaim buíochas leis na Seanadóirí go léir as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú. Cuirfear a gcuid tuairimí i láthair na rannóige agus táim cinnte go mbeidh toradh fónta orthu. B'fhéidir nach mbeidh sé chomh deacair sin foclóir parlaiminte a chur ar fáil, mar tá cuimhne againn go raibh leabhrán ann uair amháin. B'fhéidir go bhfuil sé as cló, ach má chuirtear i gcló arís é, is cinnte go mbeidh sé bunaithe ar an chaighdeán a bhfuil uasdhátú déanta air, mar atá luaite ag an Seanadóir ó Broin.

Is rud maith é go mbeidh caighdeán amháin againn go léir. Is féidir linn go léir ár gcuid canúintí a bheith againn. Tagann an Seanadóir Ó Broin as Contae na Mí agus tá Gaeltacht sa chontae sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.