Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Glacaim leis go bhfuil leasuithe Uimh. 6, 7 agus 8 á phlé le chéile. Ba mhaith liom ceist a ardú faoi leasú Uimh. 8, atá á moladh ag an Aire Stáit. Molann an leasú go gcuirfear an focal "agus" in áit an focal "nó". Má ghlactar leis an leasú, is é an sainmhíniú a bheidh ar "eagraíocht" ná "comhlacht corpraithe (cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine". Is é an leagan Béarla atá ar sin ná "an unincorporated body of persons". Úsáidtear an focal "comhlacht", ach is é "company" an leagan Béarla a bheadh agam ar "comhlacht". Dá bhrí sin, céard atá i gceist leis an frása "an unincorporated body of persons" seachas "an unincorporated company of persons"? Caithfidh mé nár chuala mé caint riamh ar "an unincorporated body of persons". Níl mé soiléir, ó thaobh an dlí de, ar céard a chiallaíonn sé.

Tá pointe iontach tábhachtach ardaithe ag an Seanadóir ó Domhnaill maidir le tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla. I gceantair áirithe, tá na coláistí á riaradh ag comhlachtaí príobháideacha atá ag déanamh fíor-jab. I gceantair eile, tá na coláistí pobail-bunaithe agus á riaradh ag comharchumainn agus eile. Tá forálacha sa reachtaíocht seo a thabharfaidh cead don Aire comhlachtaí eile a roghnú muna bhfuil sé sásta leis an bplean atá á chur chun cinn ag na comhlachtaí atá i gceist. Má rachfaimid an bóthar sin, b'fhéidir go ndéarfaidh an Aire go bhfuil na comharchumainn ag troid lena chéile - nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh acu - agus go bhfuil sé ar intinn aige nó aici grúpa eile a fháil isteach agus conradh a thabhairt dóibh an plean a réiteach. Sílim ón bhfoclaíocht atá á úsáid anseo go bhféadfadh gur comhlacht príobháideach a bheadh i gceist.

Tá sé tábhachtach go bhfaighfimid soiléiriú ar an gceist seo. Níl mé ag rá go bhfuil an Aire Stáit ag iarraidh dul an treo seo, ach tá a fhios againn, nuair a thagann Airí eile isteach, go mbreathnaíonn siad ar an rud atá i gceist. D'fhéadfadh comhlacht príobháideach dúshlán a thabhairt mar nach bhfuil cead acu cur isteach ar chonradh atá á riaradh ag an Stát. An bhfuil ceist le n-ardú anseo ó thaobh cúrsaí iomaíochta, nó competition law, de. Má tá conradh le haghaidh plean forbartha a réiteach ar an gCeathrú Rua agus i gceantar na n-oileán, mar shampla, á fhógairt ag Aire, an mbeidh sé de cheart agam - má tá comhlacht príobháideach agus cáilíochtaí ó thaobh pleanáil teanga de agam - daoine a roghnú ón bpobal atá chun tuairimí an phobail a thabhairt dom, coiste a chur le chéile chun comhairle a chur orm agus mo chomhlacht a chur isteach ar an gconradh? Sílim gur chóir go mbeadh na ceisteanna dlíthiúla fiosraithe sula leanann muid ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.