Seanad debates
Wednesday, 4 July 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)
2:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tá sé níos fearr brí leathan, seachas cúng, a fhágáil sa sainmhíniú ar eagla go mbeadh éinne fágtha amuigh de thairbhe sin. Nuair a bheidh Údarás na Gaeltachta ag roghnú na n-eagraíochtaí, beidh siad ag tabhairt aird ar na critéir a bheidh leagtha síos sna rialacháin a bheidh ann. Ar an ábhar sin, ní shílim go bhfuil aon bunús leis an imní atá ar na Seanadóirí go dtarlóidh aon rud. De bharr sin, ní ghlacfaidh mé le leasuithe Uimh. 6 agus 7. Is leasú teicniúil é leasú Uimh. 8. Tá sé molta ag an Dréachtóir Parlaiminte. Molaim go nglacfaimid leis an leasú seo. It is a technical amendment.
No comments