Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Ba mhaith liom pointe gairid a dhéanamh. Glacaim go huile agus go hoimlán leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Aontaím leis. B'fhéidir nach raibh an pointe a bhí mé ag iarraidh a chur i láthair soiléir go leor. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo sonraithe ag an údarás, ag an Roinn agus ag an Stát faoin chóras atá leagtha síos agus i gcomhthéacs an comhairle dlí atá faighte. Níl aon cheist agam faoi sin. Tá mé ag iarraidh a léiriú go bhfuil an míniú iontach leathan ar fad. Níl sé sonrach go leor. Tá sé ró-leathan. Bíonn an t-údarás ag plé le comhlachtaí príobháideacha agus coistí pobail go minic. Is é sin an fáth go bhfuil an remit leathan seo tugtha don údarás. Tá mé ag smaoineamh ar cúpla comhlacht leath-príobháideach sa Ghaeltacht atá ag plé le cúrsaí pobail, ach níl aon bhaint acu leis na pobail. An féidir leo iarratas a dhéanamh faoin bplean seo? Más féidir, an mbeidh ar an údarás glacadh leis an bplean ar an mbunús nó an dóigh ina bhfuil sé leagtha amach in áit an struchtúr a bheith teoranta d'eagraíochtaí pobail-bunaithe amháin?

Cé go nglacaim leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit, bheadh sé níos fearr dá mbeadh sé sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar seo agus é a phlé arís ar an Tuarascáil. Measaim gur pointe tábhachtach é seo. Tá a fhios agam go bhfuil an cheist chéanna á ardú ag grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta. B'fhéidir gur b'fhiú don Aire Stáit dul i dteagmháil leis an Ard-Aighne arís agus a rá gur chóir go mbeadh an reachtaíocht seo níos sonraí. Ní cheart dúinn ligint do chomhlachtaí príobháideacha bheith in ann cur isteach ar na pleananna seo a ullmhú agus a chur ar fáil fosta. An chéad rud eile ná go mbeidh comhlachtaí á chur le chéile sa Ghaeltacht chun na hiarratais seo a chur isteach. Tá eagla mór orm go dtiocfaidh triúr nó ceathrar dóibh le chéile chun gnó maith a dhéanamh amach as seo, agus go mbeidh ar an údarás glacadh leis na hiarratais a bheidh á dhéanamh acu. B'fhéidir nach dtarlóidh sé sin, ach tá mé ag iarraidh go mbeidh cosaint ar fáil, agus scríofa sa reachtaíocht, chun a cinntiú nach dtarlóidh sé. Tá an leasú seo curtha síos agam os rud é gur b'fhiú breathnú ar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.