Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá an sainmhíniú ar an bhfocal "eagraíocht" de réir an comhairle atá faighte againn ón Ard-Aighne. Tá sé mar ghnáth-nós riaracháin ag an Roinn seo agus ag Údarás na Gaeltachta a chinntiú go bhfuil struchtúr agus caighdeán gach eagraíocht a fhaigheann tacaíocht ón Roinn nó ón t-údarás in ord sula gcuirtear an tacaíocht sin ar fáil. Ar ndóigh, tá brí leathan leis an bhfocal "eagraíocht". Tá sé leathan go leor sa sainmhíniú. Beidh an t-údarás ag roghnú na n-eagraíochtaí agus ag tabhairt aird ar na critéir a bheidh leagtha síos sna rialacháin. Beidh sé oscailte don údarás an chineál struchtúr atá á lorg acu a leagadh síos ansin. Tá mé sásta go gclúdaíonn an focal "eagraíocht" na comharchumainn agus na gluaiseachtaí eile - más féidir liom é a chur mar sin - atá luaite ag an dá Sheanadóir. Da bhrí sin, ní bheidh mé ag glacadh le leasuithe Uimh. 6 agus 7.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.