Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Tá pointe tábhachtach ardaithe ag an Seanadóir Ó Domhnaill. Tá mé ag labhairt i dtreo leasú Uimh. 7, a mholann go gcuirfear an focal "comharchumann" isteach sa Bhille. B'fhéidir gur pointe dlí é seo. B'fhéidir go bhfuil an Aire Stáit in ann é a shoiléiriú. Is comharchumainn iad cuid mhaith de na heagrais phobal Gaeltachta atá ag feidhmiú taobh istigh de na 19 ceantar atá roghnaithe ag an Rialtas mar limistéir teanga. Níl sé iontach soiléir an bhfuil comharchumainn clúdaithe faoin bhfoclaíocht atá i gceist. Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte go bhféadfadh comharchumainn cur isteach ar an gcóras seo. Creidim go mbeidh deacrachtaí síos an bóthar i dtaobh an múnla atá á thógaint ag an Aire Stáit, os rud é go bhfuil ceantair éagsúla ina bhfuil dhá nó trí eagraíocht pobail-bunaithe nó comharchumainn ag feidhmiú. Beidh na deacrachtaí sin soiléir nuair a déanfar iarracht plean teanga a chur i bhfeidhm sna cheantair sin. Mar shampla, tá Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ag feidhmiú sa cheantar ina bhfuil mé i mo chónaí. Tá Comhairle Ceantar na n-Oileán ag feidhmiú i gceantar na n-oileán. Tá ceann eile i Leitir Mealláin.

Is é an pointe atá á dhéanamh agam ná go mbeidh ar an Aire rogha a dhéanamh ar cén eagraíocht pobail-bunaithe atá á roghnú aige nó aici chun an plean teanga a ullmhú. Ní chlúdaíonn an comharchumann ar an gCeathrú Rua, mar shampla, ach leath den cheantar atá áirithe mar cheantar teanga agus níl sa cheantar sin ach ceann amháin as 19 ceantar. Sa chás sin, b'fhéidir go mbeidh ar an Aire comhchoiste de ghrúpaí eágsúla, a chlúdaíonn an cheantar ar fad, a chur le chéile mar atá déanta i gceantar Iorras Aithneach. Tá sé tábhachtach go mbeadh an bhfoclaíocht uilíoch sa chás seo. Má deireann an Aire síos an bóthar gur mhaith an rud é go dtiocfadh Comhairle Ceantar na n-Oileán agus Comharchumann Mhic Dara le chéile chun plean teanga a ullmhú don cheantar iomlán sin - ceantar na n-oileán agus an Cheathú Rua - b'fhéidir gur coiste comhoibríoch a bheadh ann agus go rachfadh an t-airgead, an maoiniú nó an tacaíocht tríd ceann nó ceann eile acu. Tá sé tábhachtach an ceist a riaradh. Bhí deacrachtaí anuas tríd na blianta leis na struchtúir éagsúla sna ceantair éagsúla, idir polaitíocht áitiúil agus cúrsaí praiticiúla. Tá sé tábhachtach go mbeadh na roghanna oscailte don Aire ionas go mbeidh sé nó sí ábalta obair le comharchumainn, go háirithe, má tá comharchumainn i gceist. Ba cheart go mbeadh deis ag an Aire, má tá dhá eagraíocht ag obair i gceantar, iad a thabhairt le chéile ionas go mbeidís in ann obair i gcomhair lena chéile. Ní chóir go mbeadh bac sa reachtaíocht a chuireadh stop ar an Aire é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.