Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Is í cuspóir an leasaithe cumhacht a thabhairt don Aire Stáit go dtiocfadh leis féin an caighdeán agus an struchtúr a leagadh amach i bhfo-ordú i dtaca le grúpa nó le coiste pobal-bhunaithe. Tá sé fíor thábhachtach go dtarlódh sé sin.

Níl an míniú atá scríofa sa Bhille sonrach go leor. Tá sé foscailte go mbéadh ar Údarás na Gaeltachta glacadh le hiarratas ó eagraíocht corparáide, cosúil le comhlacht, in aon cheantar.

De réir an chomhairle dlí atá faighte agam, agus ní dlíodóir mé, thiocfadh le comhlacht a rá go bhfuil sé pobal-bhunaithe ach d'fhéadfadh cupla stiurthóir ón chomhlacht sin cur isteach fá choinne plean teanga a chur le chéile in aon cheantar Gaeltachta, nó fiú taobh amuigh den Ghaeltacht, Ansin bhéadh ar an údarás, nó ar cibé dream a bhéas ag plé leis seo, glacadh leis an iarratas, mar iarratas atá ag comhlíonadh na gcritéir atá leagtha síos sa reachtaíocht.

B'fhiú an cumhacht a bheith ag an Aire. Molaim go mbéadh an cumhacht aige an struchtúr agus an caighdeán a bhaineann leis na heagraíochtaí cuí seo a leagadh síos. Tá sé tábhachtach, cibé eagrais a mbéadh an dualgas orthu, i gcomhairle leis an údarás, na pleananna teanga seo a ullmhú, go mbéadh baint ag na heagrais sin leis an phobal, ar an leibhéal is ísle. In other words, they must be community based organisations from the grassroots up.

The argument concerning resources is entirely different. I will not go into that now because this amendment does not deal with resources, na hacmhainní a bhaineann leis na pleananna a gcur ar fáil. Beidh sé sin á phlé againn níos moille. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh sé seo deimhnithe sna mínithe a bhaineann leis an mBille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.