Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ar dtús, ba mhaith liom soiléiriú a dhéanamh ar phointe a thóg an Seanadóir Barrett an tseachtain seo caite agus a dheimhniú don Teach go bhfuil deimhnithe ag Oifig an Ard-Aighne nach bhfuil aon ghá tagairt a dhéanamh don Acht um Údarás na Gaeltachta 2010, mar tá sin clúdaithe faoi Chuid 4 de Acht Údarás na Gaeltachta 1979. Bhí beagáinín díospóireachta againn an lá eile faoi sin, ach tá sé deimhnithe anois nach bhfuil gá le aon leasú.

Maidir leis an leasú go ndéanfaidh an tAire comhaltaí a cheapadh don údarás i ndiaidh na gceapacháin a fhógairt go poiblí agus comhairle a ghlacadh ón Comhchoiste Oireachtais ar oidhreacht, oideachas agus Gaeltacht, tá sé fógra poiblí a dhéanamh go han luath chun iarratais a lorg ó dhaoine a bhfuil suim acu a bheith curtha san áireamh i gcóir ceapachán. Is é atá sa Bhille ná go gceapfaidh an tAire seachtar gcomhalta agus go gceapfaidh sé cúigear comhalta eile, ach ainmniúcháin cuí a bheith faighte ó na comhairlí contae éagsúla. Tá foráil sa Bhille fosta, nach gceapfaidh an t-Aire duine chun an údarás munar deimhin leis go bhfuil an taithí agus an cumas cuí aige nó aici, agus cumas chun feidhmeanna an údaráis a chomhlíonadh tré mheán na Gaeilge san áireamh chomh maith. Ciallaíonn sin go mbeidh an módh ceapacháin seo foscailte, trédhearcach agus i gcomhair leis an tslí atá ceapacháin do bhoird Stáit á ndéanamh ag an Rialtas. Beidh, ar ndóigh, ar chathaoirleach nua an údaráis dul os comhair chomhchoiste Oireachtais faoi réir ghnáth nósmhaireacht an Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.