Seanad debates
Wednesday, 4 July 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)
2:00 am
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Tuigeann an t-Aire Stáit caidé atá i gceist anseo. Táimid ag iarraidh an míniú a chur isteach de bhrí go mbeimid, níos maille sa Bhille, ag iarraidh go mbéadh ról ag comhchoiste an Oireachtais tar éis na fógartha poiblí, agus níl an coiste ainmnithe sa Bhille.
Muna bhfuil an t-Aire toilteanach dul ar aghaidh le toghchán de chuid an údaráis, agus sin an chéad rogha a bhéadh againn, molaimid go mbéadh, ar a laghad, seachtar tofa. I dtaca leis an cheathrar eile, mholfaimís go bhfógrófaí na postanna ar publicjobs.ie, go dtiocfadh le daoine cur isteach ar na postanna agus ansin go mbéadh ról ag an chomhchoiste Oireachtais na daoine sin a chur faoi agallamh, mar a rinneadh do bhord TG4 agus do bhord RTE chomh maith. Dá bhrí sin, tá sé fíor-thábhachtach go mbéadh míniú tugtha sa Bhille cén choiste a mbéadh an dualgas air. Tá sé tábhachtach go mbéadh an coiste Oireachtais a mbéadh an dualgas air, agus an dualgas céanna ar an Aire a bhfuil Údaras na Gaeltachta faoina chúram, ainmnithe istigh sa chuid seo den Bhille
Tá dhá fháth len é a chur isteach ansin. Níl a fhios agam an dearcadh atá ag an Aire Stáit i dtaobh na ndaoine a bhéas le ceapadh ar an bhord. Sa Rialtas roimhe seo, thug an t-Aire, Éamonn Ryan, dóigh úr isteach le daoine a thogha ar bhoird, agus bhí sé sin ceart. Bhí go leor daoine ag tabhairt amach ag an am. Bhí an Fhreasúra ag an am, Fine Gael agus an Lucht Oibre, ag tabhairt amach go raibh barraíocht ceapachán á dhéanamh ag Airí ag an am, agus aontaím leis sin gan aon deacracht. Ar an lámh eile de, tá i bhfad níos mó ceapachán déanta ar bhoird Stáit anois.
Thabharfadh an leasú seo ról sonrach don Aire Stáit agus chosnódh sé an t-Aire, cibé Aire a bhéadh ann ag an am. Ag an am gcéanna chruthódh sé córas chun na daoine is oilte agus is oiliúnaí don phost a bheith ceaptha tré chóras trédhearcach, is é sin coiste an Oireachtais.
D'oibrigh sé go maith nuair a bhí mo chomhleacaí anseo, an Seanadóir Labhras Ó Murchú, ina bhall den chomhchoiste dheireannach. Bhí baint ag an Aire Stáit féin, tuigim, leis an comhcoiste deireannach nuair a ceapadh na daoine ar bhord TG4 nó ar bhord RTE. Ba dtiocfadh gurb é an comhchoiste curmarsáide a bhí ag plé leis sin.
No comments