Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

I move amendment No. 5:

In page 8, between lines 29 and 30, to insert the following:

" "Joint Oireachtas Committee" means Joint Oireachtas Committee of the Environment, Culture and the Gaeltacht;".

Tá an ceart ag an gCathaoirleach, b'fhiú dúinn a bheith chomh beacht agus is féidir agus b'fhiú dúinn cloí go teoranta leis na leasuithe chomh maith agus is féidir chun gur féidir linn dul tríd oiread den gnó agus is féidir. Bheadh sin ciallmhar.

Baineann leasú Uimh.5 leis na mínithe nó na definitions. Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag an Aire Stáit ar seo, ach déanann an leasú seo iarracht míniú a chur leis an mBille go gciallaíonn "Comhchoiste Oireachtais" an "Comhchoiste Oireachtais um Comhshaol, Cultúr agus Gaeltacht" agus gur sin an coiste a bheidh ag plé le seo. An mbeadh an tAire Stáit sásta glacadh le sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.