Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Pleanáil Teanga
2:00 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
1. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén stádas atá ag na pleananna teanga i ngach Limistéar Pleanála Gaeltachta agus Baile Seirbhíse Gaeltachta; agus cén obair atá ar siúl chun an chéad ghlúin eile pleananna a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68522/25]
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Is maith an áit í tosú ag uimhir a haon. Tá ceist atá agam don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, an Teachta Calleary, mar gheall ar an stádas atá ag na pleananna teanga in gach limistéar pleanála Gaeltachta agus bailte seirbhíse Gaeltachta. Cén obair atá ar siúl chun an chéad ghlúin eile do phleananna a fhorbairt? An ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh sin agus i dtaobh na moille atá i gceist le cuid de na pleananna sin?
2:05 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Is é an sprioc atá leis an bpróiseas pleanála teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga phobail. Déantar é seo trí phleananna teanga a fheidhmiú i limistéir aitheanta a chuirfidh le húsáid na Gaeilge i réimsí áirithe sa phobal, mar shampla, sa teaghlach, i measc na hóige, sa chóras oideachais, san earnáil ghnó agus san earnáil phoiblí. Cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus fostaítear oifigigh phleanála teanga, OPT, le tabhairt faoin obair sin.
Ceadaítear maoiniú ar bhonn bliantúil do 29 ceanneagraíochta pleanála teanga leis na pleananna teanga atá faofa do 26 limistéar pleanála teanga, LPT, agus dhá bhaile seirbhíse Gaeltachta, BSG, a fheidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Mar chuid den mhaoiniú sin, ceadaítear do na ceanneagraíochtaí OPT amháin, nó beirt i gcásanna áirithe, a fhostú. Faoi láthair, tá ceadanna in áit le 35 OPT a fhostú sna 26 LPT agus dhá BSG.
Faoi scáth Fhoras na Gaeilge, tá seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht agus trí líonra Gaeilge ag feidhmiú. Anuas air sin, tá feidhmiú dhá líonra Gaeilge neamhreachtúil á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge ar an taobh ó thuaidh den Teorainn, is iad sin, Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste.
Tá ról lárnach ag na hoifigigh phleanála teanga sa phróiseas pleanála teanga. Tá na hoifigigh phleanála teanga fostaithe ag na ceanneagraíochtaí éagsúla, ní hamháin sa limistéir phleanála teanga Ghaeltachta ach i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge araon. Is iad na hoifigigh phleanála teanga atá freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga faoina gcúram. Cuireann siad an Ghaeilge chun cinn, eagraíonn siad imeachtaí cultúrtha, cuireann siad acmhainní agus tacaíochtaí ar fáil d'fhoghlaimeoirí, agus bíonn siad rannpháirteach leis an bpobal agus na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag obair sna ceantair phleanála teanga.
Tá sé i gceist go mbeidh na pleananna atá in éag cheana féin nó a bheidh ag dul in éag idir seo agus deireadh 2025 bailí go deireadh na bliana 2027 nó go dtí go n-aontófar pleananna nua, cibé acu is luaithe. Beidh aon phlean a théann in éag tar éis an 31 Nollaig 2025 bailí go ceann bhliain tar éis dó dul in éag nó go dtí go n-aontófar plean nua, cibé acu is luaithe.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Aire as an gcuid sin dá fhreagra. Tá dea-obair ar bun ag na hoifigigh phleanála teanga agus na ceanneagraíochtaí. Bhí mé féin mar oifigeach pleanála teanga i nGaeltacht na nDéise tráth dá raibh. Feictear go bhfuil fás ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla i go leor limistéar pleanála teanga. Tá líon na nGaeltachtaí a bhfuil fás ag teacht orthu ag dul in airde de réir an daonáirimh is déanaí, ach tá moill i Roinn an Aire agus sa chóras. Tá ocht bplean tagtha chun deiridh. Tá plean amháin críochnaithe le trí bliana agus tá síneadh ama curtha leis. Ní fheictear go bhfuil aon dul chun cinn i dtaobh na bpleananna nua a fhorbairt. Tá seacht gcinn sa bhreis ag teacht chun deiridh i mbliana, rud a chiallaíonn go mbeidh 15 plean teanga as feidhm ag deireadh na bliana seo. Caithfidh muid an ghlúin nua de phleananna nua a chur i gcrích gan a thuilleadh moille. Bhí a fhios againn go maireann na pleananna seo seacht mbliana agus go raibh deireadh ag teacht leo. Ba cheart go ndéanfaí an obair seo cheana féin. Tá mé ag impí ar an Aire dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus an mhoill a sheachaint.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá brón orm nach raibh seans agam mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta as a chuid oibre mar oifigeach pleanála teanga. Mar a dúirt mé, tá sé i gceist go mbeidh na pleananna atá in éag cheana féin, nó iad siúd a bheidh ag dul in éag idir seo agus deireadh na bliana seo, bailí go deireadh na bliana 2027 nó go dtí go n-aontófar pleananna nua, cibé acu is luaithe. Beidh aon phlean a théann in éag tar éis dheireadh mhí na Nollag 2025 bailí go ceann dhá bhliain tar éis dó dul in éag nó go dtí go n-aontófar plean nua, cibé acu is luaithe. Tuigim go bhfuil moill ann agus tá muid ag dul i ngleic leis an moill sin. Beidh €3 milliún bhreise sa bhuiséad le haghaidh an phróisis pleanála in 2026. Tá mé ag obair le hoifigigh na Roinne ar an moill agus bhí cruinniú ag oifigigh mo Roinne ar thaobh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste leis na hoifigigh phleanála teanga chun cúrsaí a phlé, idir cúrsaí buiséid agus eile.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Aire as é sin a admháil agus an obair atá ag dul ar aghaidh. Creidim go bhfuil obair ag dul ar aghaidh sa Roinn le dul i ngleic leis seo. I ndáiríre, ní rud maith é go bhfuil muid sa riocht seo. Ba cheart go seachnófaí é seo tamall ó shín. Caithfimid a admháil chomh maith go bhfuil fadhbanna le héiginnteacht. Tá sé go maith go bhfuil na pleananna chun a bheith sínte go dtí deireadh 2027 agus go mbeidh siad fós bailí agus a leithéid, ach caithfimid tuiscint go bhfuil difríocht idir an stádas agus an riocht ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta ar an talamh anois i gcomparáid le seacht mbliana ó shín. Tá rudaí tar éis athrú. Tá an ghéarchéim tithíochta, mar is eol don Aire, tar éis dul in olcas ó shin, mar shampla. Tá éiginnteacht ann i gcomhar na noifigeach phleanála teanga. Tá sé deacair do na ceanneagraíochtaí iad a chóiméad ina gcuid post nó iad a earcú chun na poist a líonadh. Anuas air sin, i dtaobh chúrsaí tithíochta de, tá Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile nach é ag iarraidh go mbeadh straitéis daonra agus tithíochta i ngach limistéir phleanála teanga. Ba cheart go mbeadh sé sin fite fuaite leis na pleananna teanga. Ba cheart go mbeadh an dá rud ag dul ar aghaidh ag an am céanna le chéile leis an taithí agus eolas céanna ag dul isteach sa straitéis agus phlean.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a dúirt mé sa fhreagra, tá an t-uafás oibre ar siúl ag na hoifigigh phleanála teanga. Baineann cuid den scéal agus fuinnimh atá sa teanga lena gcuid oibre. Tá siad an-láidir sa scéal sin. Tuigim go mór an brú atá orthu agus ar na ceanneagraíochtaí, ach tá muid ag foghlaim agus muid ag cur an clár seo ar siúl sa tír. As an bhfoghlaim agus an cleachtadh sin, beimid in ann rudaí a dhéanamh níos fearr. Tuigim an brú atá ar na hoifigigh phleanála teanga agus na ceanneagraíochtaí, go háirithe ó thaobh oifigigh pleanála teanga a chóiméad. Tuigim freisin na fadhbanna atá ann ó thaobh tithíochta de. Tá siad go léir ceangailte agus tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint ar an gceangal sin, ní hamháin ag mo Roinn – cé go bhfuil sé sin tábhachtach – ach ag Ranna eile, lena n-áirítear na Ranna oideachais agus tithíochta. Beimid ag plé na gcleachtaí ón athbhreithniú le hAirí eile, ní hamháin i mo Roinn féin. Tá suim mhór agam sa phróiseas seo. Tá suim mhór agam cleachtaí a fhoghlaim as an obair atá déanta go dtí seo agus leanúint ar aghaidh leis na hoifigigh phleanála teanga, na ceanneagraíochtaí agus ceanneagraíochtaí breise freisin.