Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Pleanáil Teanga
2:05 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Is é an sprioc atá leis an bpróiseas pleanála teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga phobail. Déantar é seo trí phleananna teanga a fheidhmiú i limistéir aitheanta a chuirfidh le húsáid na Gaeilge i réimsí áirithe sa phobal, mar shampla, sa teaghlach, i measc na hóige, sa chóras oideachais, san earnáil ghnó agus san earnáil phoiblí. Cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus fostaítear oifigigh phleanála teanga, OPT, le tabhairt faoin obair sin.
Ceadaítear maoiniú ar bhonn bliantúil do 29 ceanneagraíochta pleanála teanga leis na pleananna teanga atá faofa do 26 limistéar pleanála teanga, LPT, agus dhá bhaile seirbhíse Gaeltachta, BSG, a fheidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Mar chuid den mhaoiniú sin, ceadaítear do na ceanneagraíochtaí OPT amháin, nó beirt i gcásanna áirithe, a fhostú. Faoi láthair, tá ceadanna in áit le 35 OPT a fhostú sna 26 LPT agus dhá BSG.
Faoi scáth Fhoras na Gaeilge, tá seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht agus trí líonra Gaeilge ag feidhmiú. Anuas air sin, tá feidhmiú dhá líonra Gaeilge neamhreachtúil á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge ar an taobh ó thuaidh den Teorainn, is iad sin, Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste.
Tá ról lárnach ag na hoifigigh phleanála teanga sa phróiseas pleanála teanga. Tá na hoifigigh phleanála teanga fostaithe ag na ceanneagraíochtaí éagsúla, ní hamháin sa limistéir phleanála teanga Ghaeltachta ach i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge araon. Is iad na hoifigigh phleanála teanga atá freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga faoina gcúram. Cuireann siad an Ghaeilge chun cinn, eagraíonn siad imeachtaí cultúrtha, cuireann siad acmhainní agus tacaíochtaí ar fáil d'fhoghlaimeoirí, agus bíonn siad rannpháirteach leis an bpobal agus na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag obair sna ceantair phleanála teanga.
Tá sé i gceist go mbeidh na pleananna atá in éag cheana féin nó a bheidh ag dul in éag idir seo agus deireadh 2025 bailí go deireadh na bliana 2027 nó go dtí go n-aontófar pleananna nua, cibé acu is luaithe. Beidh aon phlean a théann in éag tar éis an 31 Nollaig 2025 bailí go ceann bhliain tar éis dó dul in éag nó go dtí go n-aontófar plean nua, cibé acu is luaithe.
No comments