Dáil debates

Thursday, 10 July 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Foras na Gaeilge

4:15 am

Photo of Tom BrabazonTom Brabazon (Dublin Bay North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

84. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht the engagement his Department has had with Foras na Gaeilge to ensure the group has long-term funding into the future; and if he will make a statement on the matter. [38163/25]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá Foras na Gaeilge ag freastal ar phobal na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad. Tá an-bhuairt ar na heagrais éagsúla a bhfuil an foras ag freastal orthu nach bhfuil an maoiniú oiriúnach ar fáil dóibh. Cén teagmháil a bhí ag an Aire leis an bhforas go dtí seo chun a chinntiú go mbeadh an maoiniú oiriúnach acu?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is í mo Roinn féin, thar ceann Rialtas na hÉireann, agus an Roinn Pobal ó Thuaidh thar ceann Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a chómhaoiníonn an Foras Teanga Thuaidh-Theas, ina gcumasctar Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% den bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann de réir an chaiteachais a comhaontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga Thuaidh-Theas.

Déanann Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas buiséad na n-institiúidí Thuaidh-Theas, lena n-áirítear an Foras Teanga, a fhaomhadh. Bhí mé i mo chathaoirleach ar chruinniú earnáil an fhoras teanga i mí Aibreáin, inar comhaontaíodh pleananna gnó agus buiséid 2025 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise. Bhuaileamar freisin le cathaoirligh agus príomhfheidhmeannaigh gach gníomhaireachta ag an gcruinniú sin, tar éis dom bualadh le Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana ar mhaithe le plé a dhéanamh ar na dúshláin mhaoinithe os comhair na heagraíochta.

Áirítear sa mhaoiniú comhaontaithe do 2025 íocaíochtaí aonuaire de luach €630,000 ó Rialtas na hÉireann go Foras na Gaeilge maidir le costas pinsin stairiúla, rud a chuirfear ar chumas Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a d'fhógair sé níos luaithe i mbliana a chur ar ceal. Cé gur chuir Rialtas na hÉireann méadú maoinithe ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ina bhuiséad do 2025, ní mór cómhaoiniú a bheith ar fáil ón Roinn Pobal ó Thuaidh de réir chóimheas an chomhaontú maoinithe sular féidir borradh ar bith a chur faoi bhuiséad na ngníomhaireachtaí. Ina leith sin, tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an dá Roinn a thugann urraíocht le socruithe ó thaobh maoinithe a chur ar fáil don Fhoras Teanga. Mar sin féin, ní mór don dá Roinn a thugann urraíocht agus na Ranna airgeadais sna dlínsí teacht ar chomhaontú faoi rudaí áirithe agus a bheith soiléir an féidir é a chur faoi bhráid an CATT.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is maith é go bhfuil an teagmháil á brú ar aghaidh ag an Aire. Tá buairt ar phobal na Gaelainne agus ar na heagrais éagsúla. Teastaíonn uathu a chinntiú go mbeidh maoiniú oiriúnach ar fáil do na heagrais ar fud an oileáin ar fad. Tuigim go bhfuil an Rialtas ó Dheas sásta a chuid mhaoiniú a chur ar fáil ach gurb amhlaidh go bhfuil an brú ag teacht ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh agus nach bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag cur a sciar den airgead ar fáil. Is é sin an áit a bhfuil an deacracht. An féidir brú a chur ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh, ar an DUP agus ar Shinn Féin a dhualgais a chomhlíonadh agus tacaíocht a thabhairt don fhoras agus do na heagrais Ghaeilge ar fud an oileáin ar fad?

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ní ghlacaim leis an léamh atá ag an Teachta Ó Muineacháin ar an gceist seo. Baineann an ghéarchéim seo le hAire amháin ón DUP san Fheidhmeannas ó Thuaidh atá ag cur srian ar mhaoiniú. Tá gach iarracht á déanamh ag na páirtithe eile san Fheidhmeannas. Mar a thuigeann an Teachta, ní gnáthRialtas é. Ní oibríonn sé sa tslí chéanna a n-oibríonn an comhrialtas sa dlínse seo.

Caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá sé níos measa ar an bhforas mar gheall ar na ciorruithe a tharla thar na blianta, go háirithe le linn na géarchéime eacnamaíche nach mór deich mbliana ó shin. Tá sé seo ag cur isteach ar líonraí, ar bhailte seirbhíse Gaelainne agus ar scéimeanna Gaelainne fud fad an oileáin seo. Caithfidh an Rialtas dul i ngleic leis agus níos mó maoinithe a chur ar fáil sa tslí chéanna ina gcuirtear ar fáil é do na forais chultúrtha eile atá maoinithe ag an Stát, an Chomhairle Ealaíon mar shampla an-láidir.

4:25 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an mbeirt Teachta as sin. Tá sé an-tábhachtach dúinn teacht ar réiteach ach ní bheidh sé éasca. Nílim ag cur an mhilleáin ar aon duine go pearsanta. Tá na hoifigigh i mo Roinn ag obair go crua agus go dícheallach le hoifigigh na Roinne sa Tuaisceart. Tá siad fós ag déanamh na hoibre sin. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh. Tá m'oifigigh ag rá go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh. Táimid ag pleanáil le haghaidh an fhorais don chéad dá bhliain eile. Nílimid ag plé cúrsaí airgeadais amháin ach cúrsaí cothroime freisin. Nílim féin in ann na ratios a athrú. Caithfimid a lán obair a dhéanamh air sin. Taobh amuigh den phróiseas sin, tá ardú mór tugtha d'Fhoras na Gaeilge ó thaobh cúrsaí airgeadais. In 2023, bhí €1.8 milliún ann. In 2025, tá €3.6 milliún ann. Tá an t-airgead sin ag teacht ó Rialtas na hÉireann go dtí an foras le haghaidh na n-eagraíochtaí. Beidh mé ag obair chun airgead breise a fháil sa chéad cháinaisnéis eile toisc go bhfuil sé tábhachtach go gcuidíonn muid agus go seasann muid leis na heagraíochtaí Gaeilge atá ag déanamh sáriarracht i ngach cuid den oileán.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire. Ar an gcéad dul síos, caithfimid díriú isteach ar riachtanais phobail na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad. Más rud é nach bhfuil an Feidhmeannas ó Thuaidh ag freastal ar phobal na Gaelainne agus ag cur maoiniú cuí ar fáil - chonaiceamar anuraidh an tslí ina bhfuil sé ábalta maoiniú a chur ar fáil - an féidir an córas a athrú gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta? An bhfuil slí eile chun é sin a láimhseáil más rud é nach bhfuil an Feidhmeannas ó Thuaidh in ann freastal ar phobal na Gaelainne? Tá sé fíorthábhachtach gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ach teastaíonn uainn a chinntiú gur féidir freastal ar phobal na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bíonn slite eile ann i gcónaí. Táim ag coimeád súil ghéar ar an bhfadhb seo agus tá mo chuid oifigeach ag obair go dian leis na hoifigigh sa Tuaisceart. Comhoibríonn na hoifigigh sin an-mhaith le chéile. Beimid ag coimeád súile air sin. Caithfimid airgead breise a fháil. Táim chun é sin a phlé leis an Aire caiteachais phoiblí, go háirithe i gcomhthéacs an chéad cháinaisnéis eile. Ag an bpointe seo, i lár mhí Iúil, tá na cainteanna fós ar siúl. Leis na cainteanna seo, táimid ag réiteach don chéad dá bhliain eile le haghaidh Fhoras na Gaeilge. Tuigim an bhuairt atá ar na heagraíochtaí éagsúla. Bhíomar go léir ar an ócáid leis an gconradh an tseachtain seo caite. Tuigimid go léir na deiseanna atá ann don teanga má tá airgead breise le fáil.