Dáil debates

Thursday, 8 May 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Soláthar Tithíochta

5:05 am

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

103. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén obair atá ar siúl aige maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22886/25]

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cén obair atá á déanamh ag an Aire chun soláthair tithíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú? Is géarchéim é seo. Ar ndóigh, tá géarchéim tithíochta ann ach tá géarchéim tithíochta ar leith sa Ghaeltacht. Cén obair atá á déanamh aige ina thaobh?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary. Bhí sé le bheith anseo inniu ach ní raibh sé in ann teacht go dtí an Teach inniu mar gheall ar chúrsaí pearsanta. Rinne an Rialtas ordú Dé Máirt chun na feidhmeanna Gaeilge agus Gaeltachta a aistriú chuig an Roinn forbartha poiblí agus Gaeltachta. Tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh. Is é an tAire, an Teachta Calleary, a thabharfaidh freagraí ar cheisteanna Dála a bhaineann leis na réimsí seo as seo amach.

Ó thaobh cúrsaí tithíochta de, tuigfidh an Teachta go bhfuil cuspóir uaillmhianach ag an Rialtas seo 300,000 teach a thógáil roimh dheireadh 2030. Rachaidh an cuspóir seo chun tairbhe in gach cearn den tír, an Ghaeltacht san áireamh. Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn tithíochta agus oifigigh na Roinne Gaeltachta maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Tá grúpa oibre bunaithe ag an dá Roinn, mar aon le hÚdarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla, chun an cheist seo a scrúdú.

Mar chuid den obair seo, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair, ag teacht le gealltanas a tugadh sa chlár Rialtais. Ina theannta sin, tá Údarás na Gaeltachta ag fiosrú bealaí faoi láthair chun tacú le soláthar tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Cuirtear in iúl dom go bhfuil an t-údarás ag plé leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad maidir leis an gceist ríthábhachtach seo.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire. Cé go dtuigim gurb é an tAire, an Teachta Calleary, a bheidh i gceannas ar na cúrsaí seo, tá an tAire, an Teachta O’Donovan, ag bord an Rialtais. Tá muid ag plé le géarchéim thithíochta sa Ghaeltacht le tamall fada. Tá mé tar éis freagra ar cheist Dála a fháil ar ais atá ag rá nach bhfuil muid cinnte cén uair a fhoilseofar na dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta, cé gur gealladh iad in 2021. Cé go dtuigim gur Rialtas nua é seo, tá an dá pháirtí, Fianna Fáil agus Fine Gael, arís i gcumhacht. Bhí siad chun an cáipéis a fhoilsiú, ach níl sí foilsithe. Níl aon am luaite anois maidir le cén uair a bheidh na treoirlínte foilsithe.

Tá fadhb ollmhór ann i gcomhthéacs na seirbhísí do suíomhanna ionas gur féidir tógáil orthu. Níl na serviced sites ann in áiteanna cosúil le deisceart Chonamara nó fiú don chomhairle contae é féin i nGaillimh. Cén plean atá ag an Aire ina leith ionas gur féidir tithíocht a chur ar fáil?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé leis an Teachta Connolly níos luaithe ar maidin, bhí an tAire, an Teachta Calleary, dóchasach go mbeadh sé anseo chun na ceisteanna sin a fhreagairt ach tá cúrsaí pearsanta aige faoi láthair agus níl sé in ann teacht go dtí an Teach ar maidin. Tá cruinniú aige an tseachtain seo chugainn le hÚdarás na Gaeltachta chun an ábhar a phlé. Tá an-suim aige i gcúrsaí tithíochta. Tá limistéar Gaeltachta ina Dháilcheantar i gContae Mhaigh Eo freisin. Tá an-suim aige san ábhar sin. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé. Chaith mé tréimhse i m’Aire Stáit agus an Ghaeltacht faoi mo chúram. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá na cúrsaí seo. Ar aon nós, beidh an tAire, an Teachta Calleary, ar ais arís an tseachtain seo chugainn. Beidh cruinniú aige leis an údarás agus beidh mé in ann labhairt leis ar an ábhar seo le go mbeidh sé in ann teacht ar ais chuig an Teachta chun an t-ábhar seo a phlé léi.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim cás an Aire. Tá súil agam go bhfuil chuile shórt all right leis. Tá cúpla rud is féidir leis an Rialtas seo déanamh - rudaí gur chóir go ndéanfadh an Rialtas deireanach i ndáiríre – lena n-áirítear na dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú láithreach ionas gur féidir comhairliúcháin poiblí a bheith againn agus na treoirlínte iad féin a bheith againn ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, bhí sé ráite againn i Sinn Féin agus ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, gur chóir go mbeadh ciste airgid i gcomhair maoinithe do thithíocht sa Ghaeltacht mar tá géarchéim ar leith ann.

Chonaic muid an méid a bhí ráite ag Uisce Éireann an tseachtain seo nach bhfuil an t-airgead aige agus go bhfuil poll airgid aige i ndáiríre. Má tá muid dáiríre go mbeidh suíomhanna agus na seirbhísí sa Ghaeltacht, i gceantair cosúil le deisceart Chonamara, mar ní féidir tógáil muna bhfuil na seirbhísí ann, muna bhfuil an t-airgead ag Uisce Éireann lena dhéanamh, tá muid i bponc agus ní bheidh muid in ann brú ar aghaidh. Is iad sin trí rud a d’iarramar.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim an fhadhb. Tá a fhios ag an Teachta, nuair a bhí mé i m’Aire Stáit le cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge fúm, rinne mé mo dhícheall an t-ábhar sin a phlé agus a réiteach. Níl aon amhras agam ach gur ceist dheacair í. Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun an ábhar sin a réiteach. Mar a dúirt mé níos luaithe agus mé ag labhairt leis an Teachta Connolly, tá sé seo ar ceann de na pointí is tábhachtaí don Aire. Tá sé ag iarraidh é seo a phlé amach agus a réiteach le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an Roinn nua an tseachtain seo chugainn. B’fhéidir go mbeidh sé in ann teacht ar ais chuig na Teachtaí Farrell agus Connolly, agus chuig na Teachtaí eile a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge, chun an ábhar sin a phlé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Go gairid ar an gceist seo, ní díreach na treoirlínte pleanála a bhí geallta dúinn agus do Thithe an Oireachtais ó 2021 ar aghaidh. Tá ceist mhór ann maidir le tithe samhraidh agus Airbnb. I gcomhthéacs na rialacha nua atá ann do Airbnb, ní rialacha nua iad mar ní bhaineann siad leo. Tá sé sin ar cheann de na bunfhadhbanna. Fiú na tithe atá sa Ghaeltacht, níl siad ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Caithfear déileáil leis sin. Ní gá go ndéanfaidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta déileáil leis sin in aon chor. Tá ceist eile ann maidir le ciste infreastruchtúir ar leith do cheantair Ghaeltachta.

5:15 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh maidir le cé chomh tábhachtach is atá an t-ábhar sin. Bhí ceist eile aige ar an ábhar sin ach tá an t-am caite againn. Beidh ar an Aire, an Teachta Calleary, déileáil leis an ábhar sin sa Bhille atá os comhair na Dála faoi láthair. Dúirt sé liom go mbeidh sé in ann é sin a phlé le hurlabhraithe Gaeltachta agus Gaelainne na bpáirtithe uile sa Dáil. Beidh sé in ann an obair sin a dhéanamh tar éis cruinnithe a bheith aige le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na húdaráis áitiúla a bhfuil suim acu san ábhar sin, mar shampla, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Mhaigh Eo, comhairle contae an Aire féin. Beidh sé ar ais arís an tseachtain seo chugainn agus beidh sé ag déileáil leis an ábhar sin.