Dáil debates

Thursday, 8 May 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Soláthar Tithíochta

5:05 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)

Mar is eol don Teachta, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary. Bhí sé le bheith anseo inniu ach ní raibh sé in ann teacht go dtí an Teach inniu mar gheall ar chúrsaí pearsanta. Rinne an Rialtas ordú Dé Máirt chun na feidhmeanna Gaeilge agus Gaeltachta a aistriú chuig an Roinn forbartha poiblí agus Gaeltachta. Tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh. Is é an tAire, an Teachta Calleary, a thabharfaidh freagraí ar cheisteanna Dála a bhaineann leis na réimsí seo as seo amach.

Ó thaobh cúrsaí tithíochta de, tuigfidh an Teachta go bhfuil cuspóir uaillmhianach ag an Rialtas seo 300,000 teach a thógáil roimh dheireadh 2030. Rachaidh an cuspóir seo chun tairbhe in gach cearn den tír, an Ghaeltacht san áireamh. Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn tithíochta agus oifigigh na Roinne Gaeltachta maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Tá grúpa oibre bunaithe ag an dá Roinn, mar aon le hÚdarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla, chun an cheist seo a scrúdú.

Mar chuid den obair seo, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair, ag teacht le gealltanas a tugadh sa chlár Rialtais. Ina theannta sin, tá Údarás na Gaeltachta ag fiosrú bealaí faoi láthair chun tacú le soláthar tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Cuirtear in iúl dom go bhfuil an t-údarás ag plé leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad maidir leis an gceist ríthábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.