Dáil debates

Thursday, 30 May 2024

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:20 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 38 ón 18 Aibreán, an dtabharfaidh sí sonraí faoin teagmháil a bhí ag a Roinn le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an tionscnamh tithíochta a cheadaigh an t-údarás i mí na Nollag 2023 chun samhail le haghaidh tithíocht inacmhainne a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge ar thailte de chuid an údaráis i dtrí cheantar Gaeltachta; céard é stádas forbartha na samhla; cén uair a fhoilseofar an tsamhail; cén uair atáthar ag súil leis an tithíocht inacmhainne a sholáthar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24256/24]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo leis an togra piolótach tithíochta atá faoi chaibidil ag Údarás na Gaeltachta agus, go háirithe, an teagmháil atá ag an Aire Stáit leis an Roinn agus leis an údarás faoin scéim seo, agus go háirithe fós, stádas forbartha an mhúnlaithe atá i gceist.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly. Ag eascairt as cinneadh an údaráis i mí na Nollag 2023, choimisiúnaigh an t-údarás taighde ón Dr. Séin Ó Muineacháin maidir le soláthar agus éileamh ar thithíocht sa Ghaeltacht. Foilsíodh torthaí an taighde sin le gairid. Léiríonn an taighde go bhfuil 106,000 duine sa Ghaeltacht ach go bhfuil an daonra sin ag fás ag leibhéal níos moille ná an tír ar fad, go bhfuil sciar den daonra sa Ghaeltacht faoi aois 18 ag dul i laghad, agus go bhfuil na grúpaí os cionn 55 ag dul i méid. Léiríonn sé seo bhfuil daonra na Gaeltachta ag dul in aois.

Ag baint úsáid as torthaí an daonáirimh, bhí 53,618 teach sa Ghaeltacht in 2011. D'ardaigh an méid sin go 56,282 faoi 2022. Fás de 5% a bhí anseo. Bhí an méadú is mó i nGaeltacht na Gaillimhe ag 11% agus i nGaeltacht na Mí ag 12%. Tá an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht ag 71%, ardaithe ó 69% in 2011, agus is é an ráta náisiúnta ná 87%. Tá an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht ag 11% níos airde ná an sciar náisiúnta de 8%. Tá níos mó na cúig oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tír, mar sciar den stoc tithíochta iomlán.

Ta obair chomhairleoireachta ar siúl ar an trí shuíomh go fóill atá aitheanta sa chéim seo den togra: An Rinn i gContae Phort Láirge; An Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe; agus tithe Charraig an tSeascainn i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Beidh an taighde agus an obair chomhairleoireachta ar an trí shuíomh ag teacht chun críche i dtreo dheireadh an tsamhraidh agus beidh bord an údaráis in ann múnlaí agus an chéad chéim eile a mheas agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar aiseolas na ngeallsealbhóirí ábhartha an tráth sin. Bíonn an Roinn ag plé na ceiste seo ar bhonn leanúnach leis an údarás.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cur síos ar an saghas comhairliúcháin agus taighde atá i gceist agus 250,000 i gceist. Is rud maith é go bhfuil taighde faoi chaibidil agus is rud maith é go bhfuil próiseas comhairliúcháin i gceist. Is é an rud a chuireann isteach orm ná go ndearnadh cinneadh sé mhí ó shin i bhfianaise na géarchéime atá ann sna Gaeltachtaí uilig ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ag dul siar ar cheisteanna a chuir mé maidir leis An gCeathrú Rua, An Rinn agus Gaoth Dobhair, cuireadh in iúl dom go soiléir go raibh próiseas tosaithe ó thaobh léirithe spéise de maidir le heagraíochtaí ar an talamh. Cá bhfuil an próiseas sin faoi láthair? Cé mhéad aighneachtaí a tháinig isteach ó na heagraíochtaí éagsúla? Táimid ag tógáil céim chun tosaigh agus céim ar gcúl ag an am céanna agus is é sin an imní atá orm.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an obair seo á déanamh ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus tá sé ráite ag an údarás liom go bhfuil pleananna curtha i bhfeidhm maidir le haiseolas na ngeallsealbhóirí a bhailiú agus tá obair theicniúil ar siúl. Tá sé i gceist nuashonrú ar an gcur chuige molta a thabhairt don Roinn agus domsa i mí an Mheithimh seo chugainn. Is ceist an-tábhachtach é seo don Ghaeltacht agus bhí mise i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta ag an gcruinniú a bhí agam leis freisin maidir leis an mBille faoin údarás atá ag teacht anseo roimh an samhradh.

Táim ag plé ceist na tithíochta sa Bhille sin agus ag plé leis an Roinn agus leis na dlíodóirí agus ag fiafraí díobh an bhfuil gá le sprioc a bheith ag Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht nó an bhfuil an sprioc sin i ndáiríre aige cheana féin sa dlí. Tá an comhrá sin ar siúl faoi láthair ach níl aon dabht agus is é an tuairim atá agamsa ná go bhfuil ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta chun tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is maith an rud é a chloisteáil go gcreideann an tAire Stáit go bhfuil ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta agus creidim féin, Teachtaí Dála eile agus daoine ar an talamh é sin. Bhí siad i mbun agóide inné leis an ngrúpa BÁNÚ, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile. Tá sé deacair a rá leo go leanúnach go bhfuilimid fós ag fanacht ar na treoirlínte pleanála ó thaobh na nGaeltachtaí de agus ar rud atá chomh bunúsach sin.

Ag dul ar ais sé mhí ó shin, nuair a rinneadh cinneadh agus fógraíodh go mbeadh múnla nua tithíochta i gceist ar thalamh Údarás na Gaeltachta, cheap mé go raibh dul chun cinn á dhéanamh againn. Ní raibh mé ró-shásta nach raibh i gceist ach tithe inacmhainne, áfach. Ba chóir go mbeadh tithe inacmhainne agus tithe sóisialta freisin ann. Beag beann ar mo thuairim, bhí beagáinín dóchais agam ach tá mé idir dhá chomhairle anois ag éisteacht leis seo mar níl aon chinneadh déanta fós agus níl i gceist anseo ach togra píolótach. Ba chóir go mbeadh dáta againn ar an uair a bheidh an múnla seo le feiceáil agus a bheidh tithe le feiceáil ar an talamh sna trí cheantar atá luaite ag an Aire Stáit.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag súil le tuairisc agus níos mó eolais ó Údarás na Gaeltachta an mhí seo chugainn. Táim ag rá go poiblí agus go príobháideach leo go gceapaim féin go bhfuil ról lárnach aige toisc go bhfuil cúrsaí tithíochta lárnach do chúrsaí teanga. Is é sin an díriú atá aige uaim, mar Aire Stáit, agus beidh mise ag dul ag obair leis an údarás nuair a bheidh an obair seo déanta aige.

Caithfidh mé rá, ó bheith ag caint le hoifigigh an údaráis, go bhfuil pleananna eile curtha faoina mbráid. Bhí mé ag caint leo maidir leis na pleananna seo agus tá súil agam go mbeidh níos mó eolais agam maidir leo. Tá tuairimí tugtha don údarás maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht agus beidh mé ag tacú leis más féidir iad a dhéanamh. Tá obair á déanamh. Tá sé ráite ag gach duine go bhfuil an obair seo tábhachtach. Is dócha go bhfanfaidh mise go dtí an mhí seo chugainn chun plé leis an údarás maidir leis an obair atá déanta aige go dtí seo.