Dáil debates
Thursday, 30 May 2024
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:20 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is maith an rud é a chloisteáil go gcreideann an tAire Stáit go bhfuil ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta agus creidim féin, Teachtaí Dála eile agus daoine ar an talamh é sin. Bhí siad i mbun agóide inné leis an ngrúpa BÁNÚ, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile. Tá sé deacair a rá leo go leanúnach go bhfuilimid fós ag fanacht ar na treoirlínte pleanála ó thaobh na nGaeltachtaí de agus ar rud atá chomh bunúsach sin.
Ag dul ar ais sé mhí ó shin, nuair a rinneadh cinneadh agus fógraíodh go mbeadh múnla nua tithíochta i gceist ar thalamh Údarás na Gaeltachta, cheap mé go raibh dul chun cinn á dhéanamh againn. Ní raibh mé ró-shásta nach raibh i gceist ach tithe inacmhainne, áfach. Ba chóir go mbeadh tithe inacmhainne agus tithe sóisialta freisin ann. Beag beann ar mo thuairim, bhí beagáinín dóchais agam ach tá mé idir dhá chomhairle anois ag éisteacht leis seo mar níl aon chinneadh déanta fós agus níl i gceist anseo ach togra píolótach. Ba chóir go mbeadh dáta againn ar an uair a bheidh an múnla seo le feiceáil agus a bheidh tithe le feiceáil ar an talamh sna trí cheantar atá luaite ag an Aire Stáit.
No comments