Dáil debates
Thursday, 30 May 2024
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:20 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly. Ag eascairt as cinneadh an údaráis i mí na Nollag 2023, choimisiúnaigh an t-údarás taighde ón Dr. Séin Ó Muineacháin maidir le soláthar agus éileamh ar thithíocht sa Ghaeltacht. Foilsíodh torthaí an taighde sin le gairid. Léiríonn an taighde go bhfuil 106,000 duine sa Ghaeltacht ach go bhfuil an daonra sin ag fás ag leibhéal níos moille ná an tír ar fad, go bhfuil sciar den daonra sa Ghaeltacht faoi aois 18 ag dul i laghad, agus go bhfuil na grúpaí os cionn 55 ag dul i méid. Léiríonn sé seo bhfuil daonra na Gaeltachta ag dul in aois.
Ag baint úsáid as torthaí an daonáirimh, bhí 53,618 teach sa Ghaeltacht in 2011. D'ardaigh an méid sin go 56,282 faoi 2022. Fás de 5% a bhí anseo. Bhí an méadú is mó i nGaeltacht na Gaillimhe ag 11% agus i nGaeltacht na Mí ag 12%. Tá an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht ag 71%, ardaithe ó 69% in 2011, agus is é an ráta náisiúnta ná 87%. Tá an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht ag 11% níos airde ná an sciar náisiúnta de 8%. Tá níos mó na cúig oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tír, mar sciar den stoc tithíochta iomlán.
Ta obair chomhairleoireachta ar siúl ar an trí shuíomh go fóill atá aitheanta sa chéim seo den togra: An Rinn i gContae Phort Láirge; An Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe; agus tithe Charraig an tSeascainn i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Beidh an taighde agus an obair chomhairleoireachta ar an trí shuíomh ag teacht chun críche i dtreo dheireadh an tsamhraidh agus beidh bord an údaráis in ann múnlaí agus an chéad chéim eile a mheas agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar aiseolas na ngeallsealbhóirí ábhartha an tráth sin. Bíonn an Roinn ag plé na ceiste seo ar bhonn leanúnach leis an údarás.
No comments