Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

9:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

9. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cathain a líonfaidh sí na folúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear ról an Chathaoirligh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17070/24]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Bhí muid ag labhairt níos luaithe faoin mBille um Údarás na Gaeltachta. Dúradh go bhfuil sé ag teacht am éigin ach, idir an dá linn, tá bord Údarás na Gaeltachta agus an t-eagras féin fós ag obair. Cathain a líonfar na folúntais ar bhord Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear ról an chathaoirligh? An ndíreoidh an tAire Stáit isteach ar an gceist seo?

Photo of Cathal BerryCathal Berry (Kildare South, Independent)
Link to this: Individually | In context

Is Ceist Uimh. 9 í seo. Níl an Teachta Pádraig O'Sullivan ann. Do we have someone else to take it? Question No. 8 was not grouped. The Leas-Cheann Comhairle told me to move straight on to Question No. 9 and that Question No. 8 was not grouped. Deputy Ó Snodaigh has asked Question No. 9 already so we will proceed with it.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question No. 8 is grouped with No. 20.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

It cannot be called if the person is not here. When Question No. 20 is reached, it will still be there.

Photo of Cathal BerryCathal Berry (Kildare South, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question No. 9 has been asked. Can we get a response from either Minister?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá brón orm. Bhí mé ag ceapadh gur cheist don Aire, an Teachta Martin, é sin. Rinne mé dearmad ar an jab nua atá agam. Níl ach folúntas amháin ar bhord Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá an cheist maidir le cathaoirleach nua an údaráis, an té a líonfaidh an folúntas sin, á breithniú ag mo Roinn i láthair na huaire. Bhí mé ag caint le m'oifigigh maidir leis seo agus tá sé ar intinn agam plé domhain a bheith agam le mo chomhghleacaí, an Aire, an Teachta Martin. Is ceart a thabhairt faoi deara go rachaidh téarma an bhoird reatha, a ceapadh i mí Eanáir 2023, in éag ag deireadh 2024. Is imeacht ón ngnáththéarma cúig bliana é an téarma dhá bhliain seo. Rinneadh é seo chun deis a thabhairt na moltaí a d'eascair ón athbhreithniú neamhspleách a rinneadh ar an bpróiseas ceapacháin bhoird i mí na Samhna 2022 a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, tuigim an tábhacht atá le cathaoirleach a cheapadh don tréimhse atá fanta ag an mbord agus tá mé féin agus an tAire, an Teachta Martin, ag glacadh céimeanna chun é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Ag eascairt ón athbhreithniú sin, rinne an Rialtas cinneadh ag deireadh 2022 toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus Bille chuige sin a dhréachtú. Ag a chruinniú ar an Máirt, an 5 Márta 2024, ghlac an Rialtas cinneadh go ndréachtófaí mar thosaíocht an Bille um Údarás na Gaeltachta (leasú) agus forálacha ilghnéitheacha, 2024. Tá i gceist ag mo Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille mar thosaíocht i gcomhair le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta mar bhord tofa mar fhreagra Rialtais ar ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta go luath sna 1970idí. Tar éis na géarchéime eacnamaíochta, cuireadh deireadh leis na toghcháin nuair a achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012. Mar sin, tá stair fhada ag toghcháin don bhord áirithe seo agus tá éileamh ó phobail Ghaeltachta ar iad a athchóiriú. Ba chóir dom a chur in iúl freisin gur mhol athbhreithniú neamhspleách ar an gceist, a bhfuil gealltanas tugtha dó sa chlár Rialtais, go gcuirfí na toghcháin seo ar bun arís.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Fógraíodh i mí Mheán Fómhair seo caite go mbeadh Mary Uí Chadhain, iarstiúrthóir airgeadais TG4, ag éirí as mar chathaoirleach an bhoird ag deireadh na bliana. Bhí deis ag an Rialtas cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcéad chathaoirleach eile ar an mbord Stáit an-tábhachtach seo ón am a fógraíodh an cinneadh sin, Meán Fómhair, go dtí anois. Is é sin seacht mí, nó sé mhí ar a laghad. Tá an folúntas ann ó mhí Eanáir ach bhí deis ann déileáil leis roimhe sin. Dá mbeadh folúntas mar sin ann san IDA nó grúpa mar sin, bheadh na meáin ag screadáil faoi. San am cinniúnach seo maidir le bord Údarás na Gaeltachta, tá sé tábhachtach go mbeadh cathaoirleach ann chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an obair ag leanúint ar aghaidh. Níl mé ag rá nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh. Tá jab iontach á dhéanamh. Tá fadhb bhunúsach ann agus is é sin nach bhfuil cathaoirleach ann agus go bhfuil an folúntas sin ann.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nuair a chuaigh mé i ngleic leis an jab seo ar dtús, ba é seo ceann de na céad ábhair chainte a bhí agam le m'oifigigh. Bhuail mé le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta i gConamara inné. Tá a fhios agam go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis seo. Ba mhaith liom go mbeadh cathaoirleach ceaptha ar an mbord. Admhaím go bhfuil sé sin an-tábhachtach. Táim chun dul i ngleic leis seo láithreach. Mar a dúirt mé cheana, bhí cainteanna agam. Beidh comhrá agam leis an Aire chun an ceapachán seo a bhrú chun cinn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl a fhios agam an bhfuil fadhb bhunúsach i gcóras PAS ach tá an cuma air go minic go mbíonn moill thar cuimse nuair atá folúntais ar bhoird Stáit le líonadh. Nílim ag caint faoin bhfolúntas seo amháin ach ar chinn eile freisin.

Níl a fhios agam an bhfuil fadhb ar leith ann nach bhfuil iarratais á ndéanamh ag an bpobal ar na poist agus na folúntais seo nó an bhfuil moill ann na folúntais a fhógairt in am. Tá sé ríthábhachtach do na boird Stáit ar fad - ní hamháin na cinn a thagann faoi Roinn an Aire Stáit, nó cuid den Roinn sin, ach gach uile ceann acu - mar tá an cuma air ó thuairiscí sna meáin go bhfuil fadhb bhunúsach ann na folúntais ar bhoird Stáit a líonadh. Is an Roinn iomlán atá i gceist anseo. Ní tharlaíonn sé tapa go leor.

Maidir leis an mbord ag críochnú ag deireadh na bliana, tá súil agam go ndéanfaidh muid déileáil leis agus más gá síneadh, go ndéanfar síneadh muna bhfuil an reachtaíocht nua rite ionas nach mbeadh tréimhse ag tús na bliana seo chugainn nach mbeidh aon bhord ann agus go mbeidh síneadh ann.

10:00 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní féidir liom a rá sa chás seo go bhfuil fadhb faoi leith maidir leis an gcóras PAS. Níl mórán taithí agamsa le ceapacháin ach sna ceapacháin atá déanta agam, caithfidh mé a rá go bhfuil an córas mall. Níl aon dabht go bhfuil an córas mall. Níl mé á rá sin sa gcás seo ach go ginearálta, tá moill ann. Má tá daoine ag iarraidh trédhearcachta agus na daoine cearta, atá cáilithe, a cheapadh, caithfidh go bhfuil próiseas ann agus bíonn an próiseas sin mall ó am go ham. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo tábhachtach agus go gcaithfidh muid é a dhéanamh. Ní féidir leanúint ar aghaidh, go ró-fhada, gan cathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta.