Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

9:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fógraíodh i mí Mheán Fómhair seo caite go mbeadh Mary Uí Chadhain, iarstiúrthóir airgeadais TG4, ag éirí as mar chathaoirleach an bhoird ag deireadh na bliana. Bhí deis ag an Rialtas cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcéad chathaoirleach eile ar an mbord Stáit an-tábhachtach seo ón am a fógraíodh an cinneadh sin, Meán Fómhair, go dtí anois. Is é sin seacht mí, nó sé mhí ar a laghad. Tá an folúntas ann ó mhí Eanáir ach bhí deis ann déileáil leis roimhe sin. Dá mbeadh folúntas mar sin ann san IDA nó grúpa mar sin, bheadh na meáin ag screadáil faoi. San am cinniúnach seo maidir le bord Údarás na Gaeltachta, tá sé tábhachtach go mbeadh cathaoirleach ann chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an obair ag leanúint ar aghaidh. Níl mé ag rá nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh. Tá jab iontach á dhéanamh. Tá fadhb bhunúsach ann agus is é sin nach bhfuil cathaoirleach ann agus go bhfuil an folúntas sin ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.