Dáil debates
Thursday, 18 April 2024
Ceisteanna Eile - Other Questions
Údarás na Gaeltachta
9:50 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá brón orm. Bhí mé ag ceapadh gur cheist don Aire, an Teachta Martin, é sin. Rinne mé dearmad ar an jab nua atá agam. Níl ach folúntas amháin ar bhord Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá an cheist maidir le cathaoirleach nua an údaráis, an té a líonfaidh an folúntas sin, á breithniú ag mo Roinn i láthair na huaire. Bhí mé ag caint le m'oifigigh maidir leis seo agus tá sé ar intinn agam plé domhain a bheith agam le mo chomhghleacaí, an Aire, an Teachta Martin. Is ceart a thabhairt faoi deara go rachaidh téarma an bhoird reatha, a ceapadh i mí Eanáir 2023, in éag ag deireadh 2024. Is imeacht ón ngnáththéarma cúig bliana é an téarma dhá bhliain seo. Rinneadh é seo chun deis a thabhairt na moltaí a d'eascair ón athbhreithniú neamhspleách a rinneadh ar an bpróiseas ceapacháin bhoird i mí na Samhna 2022 a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, tuigim an tábhacht atá le cathaoirleach a cheapadh don tréimhse atá fanta ag an mbord agus tá mé féin agus an tAire, an Teachta Martin, ag glacadh céimeanna chun é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Ag eascairt ón athbhreithniú sin, rinne an Rialtas cinneadh ag deireadh 2022 toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus Bille chuige sin a dhréachtú. Ag a chruinniú ar an Máirt, an 5 Márta 2024, ghlac an Rialtas cinneadh go ndréachtófaí mar thosaíocht an Bille um Údarás na Gaeltachta (leasú) agus forálacha ilghnéitheacha, 2024. Tá i gceist ag mo Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille mar thosaíocht i gcomhair le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta mar bhord tofa mar fhreagra Rialtais ar ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta go luath sna 1970idí. Tar éis na géarchéime eacnamaíochta, cuireadh deireadh leis na toghcháin nuair a achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012. Mar sin, tá stair fhada ag toghcháin don bhord áirithe seo agus tá éileamh ó phobail Ghaeltachta ar iad a athchóiriú. Ba chóir dom a chur in iúl freisin gur mhol athbhreithniú neamhspleách ar an gceist, a bhfuil gealltanas tugtha dó sa chlár Rialtais, go gcuirfí na toghcháin seo ar bun arís.
No comments