Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:00 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní féidir liom a rá sa chás seo go bhfuil fadhb faoi leith maidir leis an gcóras PAS. Níl mórán taithí agamsa le ceapacháin ach sna ceapacháin atá déanta agam, caithfidh mé a rá go bhfuil an córas mall. Níl aon dabht go bhfuil an córas mall. Níl mé á rá sin sa gcás seo ach go ginearálta, tá moill ann. Má tá daoine ag iarraidh trédhearcachta agus na daoine cearta, atá cáilithe, a cheapadh, caithfidh go bhfuil próiseas ann agus bíonn an próiseas sin mall ó am go ham. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo tábhachtach agus go gcaithfidh muid é a dhéanamh. Ní féidir leanúint ar aghaidh, go ró-fhada, gan cathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.