Dáil debates

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Ceisteanna Craolacháin

9:44 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

10. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta faoina bhfoilseofar an tuarascáil maidir le stáisiún raidió trí Ghaeilge don aos óg atá geallta don mhí seo i bhfianaise é a bheith geallta roimh dheireadh na bliana seo caite, de réir freagraí atá tugtha aici ar mo chuid ceisteanna parlaiminte go dtí seo. [3671/23]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo le tuarascáil atá ag an Aire maidir le stáisiún raidió trí Ghaeilge don aos óg atá geallta le bheith foilsithe an mhí seo. An mbeidh sí foilsithe?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anuraidh, choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann, in éineacht le Foras na Gaeilge agus le tacaíocht ó mo Roinnse, tionscadal taighde chun an leibhéal spéise i seirbhís raidió Gaeilge dírithe ar an aos óg a fháil amach.

Bhí dhá chéim ar leith sa tionscadal taighde. Ar an gcéad dul síos, Iorgadh tuairimí sampla ionadaíoch náisiúnta de dhaoine idir 15 agus 34 bliana d'aois maidir leis an spéis a bhí acu in éisteacht le stáisiún Gaeilge agus lena n-oscailteacht ina leith. Ba é an dara gné ná tuairimí phobal na Gaeilge a fháil maidir lena nósanna fuaime agus meán, an cineál ábhair fuaime, idir Bhéarla agus Ghaeilge, a bhfuil siad ag plé leis faoi láthair agus bearnaí a mheastar atá ann i soláthar ábhar Gaeilge.

Cé go raibh sé i gceist an taighde a chur i gcrích agus an tuarascáil a tháinig as a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo caite, tuigim gur thóg cuid den obair allamuigh níos mó ama le críochnú ná mar a ceapadh ar dtús. Mar sin, níor cuireadh na dréacht-tuarascálacha faoi bhráid an údaráis ach i lár mhí na Nollag. Tuigim gur phléigh coiste comhairleach Gaeilge an údaráis na dréacht-tuarascálacha agus go bhfuil siad á n-ullmhú le foilsiú, rud atá beartaithe a dhéanamh sa chéad leath de mhí Feabhra.

Rinneadh an taighde chun an oiread tuisceana agus ab fhéidir a fháil ar an éileamh féideartha ar a leithéid de sheirbhís agus ar an gcineál ábhair a bheadh feiliúnach agus a bheadh ar fáil ar aon seirbhís nua. Cabhróidh sé seo le Coimisiún na Meán aon straitéisí nua ceadúnaithe a mheas mar chuid dá ghníomhaíochtaí rialála craolacháin chun a chinntiú go bhfreastalaíonn raon éagsúil seirbhísí craolacháin ar lucht féachana na hÉireann.

Samhlaítear go mbeadh aon seirbhís fhéideartha amach anseo hibrideach chun rochtain a thabhairt ar ábhar ar mhodhanna traidisiúnta FM agus digiteacha nó ar líne araon. Tá sé seo ar aon dul leis an moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge, go ndéanfaí scrúdú ar rannpháirtíocht na n-óg, cláir óige agus úsáid níos fearr a bhaint as na meáin dhigiteacha. Cuirtear san áireamh ina leithéid de shamhail hibrideach freisin cumas teicniúil teoranta sheirbhís iomlán FM agus baintear cothromaíocht amach idir lucht féachana FM agus níos mó daoine óga ag dul i dtreo seirbhísí agus ábhar digiteach.

Tacaím go láidir le níos mó ábhar agus seirbhísí Gaeilge a sholáthar agus iad a chur ar fáil níos leithne, go háirithe do dhaoine óga.

Más féidir an cineál seirbhíse seo a chur i bhfeidhm, ba mhaith liom é a fheiceáil ag tarlú. Níl sé i gceist agam tuilleadh plé a dhéanamh ar na sonraí, toisc gur faoi Údarás Craolacháin na hÉireann mar an rialtóir neamhspleách atá sé seirbhísí craolacháin raidió a cheadúnú.

9:54 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé go maith go bhfuil ar a laghad dáta nua eile againn maidir leis an bhfoilseachán seo agus go mbeidh sé os comhair an phobail, tá súil againn, i mí Feabhra. Táimid ar fad ag fanacht le tamall maith blianta anois go mbeadh obair déanta maidir le stáisiún raidió nó bealaí difriúla chun díriú isteach ar an éileamh i measc an aosa óig maidir le réimsí difriúla d’ábhair agus bealaí difriúla chun ábhair a chur ar fáil dóibh. Tá súil agam nach mbeidh aon mhoill nuair a fhoilseofar é seo agus nach mbeidh Coimisiún na Meán nó aon duine eile ag cur moille ar déanamh cinnte de go mbeidh na réimsí seo ar fáil chomh tapa agus is féidir, sula gcaillimid glúin eile de dhaoine óga mar nach bhfuilimid ag cur seirbhísí craolacháin atá oiriúnach agus i nGaeilge ar fáil dóibh.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a luaigh mé i mo fhreagra, ba mhaith liom, más féidir, an cineál seirbhíse seo a fheiceáil i bhfeidhm do dhaoine óga ach tá Údarás Craolacháin na hÉireann mar an rialtóir craolacháin neamhspleách atá freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn. Is é an t-údarás, agus ní mise mar Aire, a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí raidió. Faoi láthair, tá 22 seirbhís phobail nó sainspéise ar an aer. Nuair a bheidh toradh thionscadal taighde an údaráis againn, beidh sé riachtanach cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is oiriúnaí chun an tseirbhís a sholáthar. Mar a leagtar amach sa reachtaíocht, tá próiseas foirmiúil, reachtúil, rialála ann maidir le seirbhís nua a thabhairt isteach, a dhéanann an rialtóir neamhspleách, Údarás Craolacháin na hÉireann, agus ní mór dó go leor gnéithe a chur san áireamh, lena n-áirítear na himpleachtaí a bhaineann le cúnamh stáit.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil an t-údarás neamhspleách ach sa deireadh thiar thall, ní féidir leo obair a dhéanamh agus ní féidir leis an réimse seo de na meáin chumarsáide tarlú, má tá sé le tarlú, gan tacaíocht Rialtais nó infheistíocht Rialtais. Tá an dá rud ceangailte go huile agus go hiomlán. Tá mise ag impí ar an Aire agus ar an Rialtas a chinntiú, nuair atá an tuairisc ann, go mbeidh tacaíocht ann ón Rialtas do pé cinntí atá le tógáil mar is léir dúinn cheana féin go bhfuil spéis ag daoine óga in ábhar as Gaeilge. Is léir sin ón dul chun cinn mór atá déanta ó thaobh TG4 agus Cúla4. Táim ag fiafraí nach mbeidh aon mhoill ar aon infheistiú nó aon ghníomhú de réir na tuarascála lena bhfuilimid ag súil i mí Feabhra anois.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Creidim go bhfuil sé tábhachtach ar dtús an taighde a fhoilsiú agus deis a thabhairt d’ Údarás Craolacháin na hÉireann agus, nuair a chuirfear ar bun é, Coimisiún na Meán, machnamh a dhéanamh ar conas gur féidir eolas a dhéanamh d’aon straitéisí ceadúnaithe amach anseo. Seo cuid den chúis go bhfuil a leithéid de thaighde chomh tábhachtach, ní hamháin chun an leibhéal spéise sa tseirbhís seo a mheas ach chun tuairimí daoine faoi aon bhearnaí sa tseirbhís a mheastar atá ann a fháil amach chomh maith. Tá sé i bhfad róluath labhairt faoi cén tseirbhís a d’fhéadfaí a chur ar fáil sa deireadh, cé a sholáthróidh an tseirbhís sin agus conas a mhaoineofar í, ach is féidir féachaint ar cad iad na tacaíochtaí a cheadófaí agus a d’fhéadfaí a bheith oiriúnach. Bheadh ar thacaíocht den chineál seo teacht le rialacha cúnamh stáit. Mar a dúirt mé cheana, más féidir linn an cineál seirbhíse seo a chur i bhfeidhm do dhaoine óga, ba mhaith liom é sin a fheiceáil.