Dáil debates

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Ceisteanna Craolacháin

9:44 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Anuraidh, choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann, in éineacht le Foras na Gaeilge agus le tacaíocht ó mo Roinnse, tionscadal taighde chun an leibhéal spéise i seirbhís raidió Gaeilge dírithe ar an aos óg a fháil amach.

Bhí dhá chéim ar leith sa tionscadal taighde. Ar an gcéad dul síos, Iorgadh tuairimí sampla ionadaíoch náisiúnta de dhaoine idir 15 agus 34 bliana d'aois maidir leis an spéis a bhí acu in éisteacht le stáisiún Gaeilge agus lena n-oscailteacht ina leith. Ba é an dara gné ná tuairimí phobal na Gaeilge a fháil maidir lena nósanna fuaime agus meán, an cineál ábhair fuaime, idir Bhéarla agus Ghaeilge, a bhfuil siad ag plé leis faoi láthair agus bearnaí a mheastar atá ann i soláthar ábhar Gaeilge.

Cé go raibh sé i gceist an taighde a chur i gcrích agus an tuarascáil a tháinig as a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo caite, tuigim gur thóg cuid den obair allamuigh níos mó ama le críochnú ná mar a ceapadh ar dtús. Mar sin, níor cuireadh na dréacht-tuarascálacha faoi bhráid an údaráis ach i lár mhí na Nollag. Tuigim gur phléigh coiste comhairleach Gaeilge an údaráis na dréacht-tuarascálacha agus go bhfuil siad á n-ullmhú le foilsiú, rud atá beartaithe a dhéanamh sa chéad leath de mhí Feabhra.

Rinneadh an taighde chun an oiread tuisceana agus ab fhéidir a fháil ar an éileamh féideartha ar a leithéid de sheirbhís agus ar an gcineál ábhair a bheadh feiliúnach agus a bheadh ar fáil ar aon seirbhís nua. Cabhróidh sé seo le Coimisiún na Meán aon straitéisí nua ceadúnaithe a mheas mar chuid dá ghníomhaíochtaí rialála craolacháin chun a chinntiú go bhfreastalaíonn raon éagsúil seirbhísí craolacháin ar lucht féachana na hÉireann.

Samhlaítear go mbeadh aon seirbhís fhéideartha amach anseo hibrideach chun rochtain a thabhairt ar ábhar ar mhodhanna traidisiúnta FM agus digiteacha nó ar líne araon. Tá sé seo ar aon dul leis an moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge, go ndéanfaí scrúdú ar rannpháirtíocht na n-óg, cláir óige agus úsáid níos fearr a bhaint as na meáin dhigiteacha. Cuirtear san áireamh ina leithéid de shamhail hibrideach freisin cumas teicniúil teoranta sheirbhís iomlán FM agus baintear cothromaíocht amach idir lucht féachana FM agus níos mó daoine óga ag dul i dtreo seirbhísí agus ábhar digiteach.

Tacaím go láidir le níos mó ábhar agus seirbhísí Gaeilge a sholáthar agus iad a chur ar fáil níos leithne, go háirithe do dhaoine óga.

Más féidir an cineál seirbhíse seo a chur i bhfeidhm, ba mhaith liom é a fheiceáil ag tarlú. Níl sé i gceist agam tuilleadh plé a dhéanamh ar na sonraí, toisc gur faoi Údarás Craolacháin na hÉireann mar an rialtóir neamhspleách atá sé seirbhísí craolacháin raidió a cheadúnú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.