Dáil debates

Thursday, 17 November 2022

Ceisteanna Eile (Atógáil) - Other Questions (Resumed)

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:10 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

17. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht na dátaí tosach feidhme do gach foráil ar leith in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a leagadh amach go soiléir i bhfoirm tábla, chomh maith le liosta sonrach de na forálacha sin atá i bhfeidhm cheana féin agus liosta eile sonrach de na forálacha nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, agus liosta de dhátaí agus sonraí faoi gach cruinniú a bhí ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge ó bunaíodh é. [56973/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist í seo mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith muid anseo sa Teach in 2021. Tá forálacha ann nach bhfuil tagtha i bhfeidhm. Cad iad na forálacha sin agus cén uair a bheidh siad ag teacht i bhfeidhm?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a achtaíodh i mí na Nollag 2021, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Cuireadh tús feidhme ar 20 Meitheamh 2022 leis na forálacha teicniúla seo: alt 1 a thugann míniú maidir leis an bpríomh-Acht; agus alt 2, a dhéanann leasú ar alt 2 den phríomh-Acht. Chomh maith leis sin, tá tús feidhme curtha leis na forálacha seo a leanas ar 20 Meitheamh 2022 fosta: alt 8, a bhaineann le bunú an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge; agus alt 20, a bhaineann le gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme an Achta. Tháinig na forálacha in alt 6 maidir le fógraíocht phoiblí i bhfeidhm ar 10 Deireadh Fómhair 2022. Mar thoradh air seo, cinnteoidh comhlacht poiblí gur i nGaeilge a bheidh 20% ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain agus go ndéanfar 5% ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge. Tá roinnt bearta eile ar na bacáin agus comhráití déthaobhacha tosaithe chomh maith chun a chinntiú go mbainfear an sprioc earcaíochta de 20% roimh dheireadh 2030 amach. San áireamh anseo tá feasacht a chruthú faoi na deiseanna le Gaeilge san earnáil phoiblí, tacú tuilleadh le foghlaimeoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin, agus tionscnaimh fhéideartha agus nuálacha a fhiosrú le Ranna Stáit eile chun sineirge a aithint.

I measc na bhforálacha nach bhfuil feidhm tugtha leo fós tá a leanas: alt 3, ceann comhlachta phoiblí a cheapadh agus tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht a chur ar fáil; alt 4, dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil; alt 5, dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge, foirmeacha oifigiúla agus lógónna; alt 7, leasú teicniúil maidir leis na caighdeáin teanga; alt 9, tosach feidhme a thabhairt do na caighdeáin teanga agus treoirlínte a chur ar fáil ina leith; alt 10, leasú ar alt 21 den phríomh-Acht mar a bhaineann le faireachán agus Oifig an Choimisinéir Teanga, leasú teicniúil ar alt 29 den phríomh-Acht, agus leasaithe ar ailt 31 agus 32 den phríomh-Acht mar a bhaineann leis an gcoiste logainmneacha; alt 15, leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht; alt 16, leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe a bhfuil sé beartaithe a chur i bhfeidhm roimh dheireadh Aibreán 2023; alt 17, aisghairm maidir le hailt den phríomh-Acht a chuirfidh deireadh leis na scéimeanna teanga; alt 18, deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha; agus alt 19, foráil idirthréimhseach maidir le dréacht scéimeanna.

Maidir le tús feidhme a thabhairt do na forálacha éagsúla atá luaite agam, tá sceideal leagtha amach ag m'oifigigh chuige sin atá mar dhoiciméad oibre a athraíonn ó am go ham de réir mar a théann an obair ar fheidhmiú an Achta ar aghaidh. É sin ráite, tá sé i gceist agam tús feidhme a chur le roinnt de na forálacha luath sa bhliain nua. Críochnóidh mé an freagra níos déanaí.

Breis eolais nár tugadh ar urlár an Tí

É sin ráite, tá i gceist agam tús feidhme a chur le roinnt de na forálacha luath sa bhliain nua agus an fuílleach a thosú amach sa bhlian tar éis dul trí próisis comhairliúcháin atá leagtha síos san Acht agus treoirlínte cuí a bheith dréachtaithe.

Maidir leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, tháinig an coiste seo le chéile trí huaire go dtí seo - ar an Aoine, an 25 Iúil 2022, ar an Aoine, an 26 Lúnasa, agus ar an Aoine, an 28 Deireadh Fómhair. Déantar miontuairiscí a thógáil ag cruinnithe an choiste agus tá fáil orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinne faoin leathanach tiomnaithe don choiste comhairleach agus a chuid oibre. Tá beartaithe go dtiocfaidh an coiste le chéile arís ar an Aoine, an 25 Samhain agus i lár mhí na Nollag chomh maith.

10:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is maith an chuid deiridh den fhreagra sin a chloisteáil, go bhfuil sceideal leagtha amach ag an Aire Stáit. I gcás roinnt de na forálacha, ní fheicim cén fáth go bhfuil moill ann in aon chor toisc go mbaineann siad le rudaí teicniúla. Ba chóir go mbeadh siad athraithe. Chomh maith leis sin, tá roinnt forálacha san Acht a shíl muid a thiocfadh i bhfeidhm chomh luath agus is féidir nach bhfuil i bhfeidhm. Tá ceann amháin ó thaobh dualgais na gcomhlachtaí maidir le stáiseanóireacht, lógónna agus úsáid na teanga. Tá sé sin á úsáid mar leithscéal nach bhfuil comhlachtaí nua Stáit á bhunú go uathoibríoch le teideal Gaeilge. Nuair a bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé againn, leag muid amach sceideal nó amchlár dúshlánach. Níl na dátaí sin sroichte nó an tAcht feidhmithe go hiomlán, áfach, agus táimid fós ag fanacht dá bharr.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá i gceist agam tús feidhme a chur le roinnt de na forálacha luath sa bhliain nua agus an fuílleach a thosú amach sa bhliain tar éis dul trí próisis chomhairliúcháin atá leagtha síos san Acht agus treoirlínte cuí a bheith dréachtaithe.

Maidir leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, tháinig an coiste le chéile trí huaire go dtí seo - ar an Aoine, 25 Iúil 2022, ar an Aoine, an 26 Lúnasa, agus ar an Aoine, an 28 Deireadh Fómhair. Déantar miontuairiscí a thógáil ag cruinnithe an choiste agus tá fáil orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinne faoin leathanach tiomnaithe don choiste comhairleach agus a chuid oibre. Tá beartaithe go dtiocfaidh an coiste le chéile arís ar an Aoine, an 25 Samhain, agus i lár mhí na Nollag chomh maith. Mar a dúirt mé, tá sceideal leagtha amach ag oifigigh mo Roinne agus táimid ag obair chun na forálacha a chur i gcríoch.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an tAire Stáit sásta an sceideal sin a roinnt linn nó an é nóta inmheánach sa Roinn atá i gceist? Bheadh sé áisiúil go mbeadh a fhios againn cathain a chuirfear na forálacha éagsúla i bhfeidhm. Chabhródh sé linn brú a chur ar an Aire Stáit agus ar an gcóras i gcoitinne chun a chinntiú go mbeidh an tAcht seo i bhfeidhm ina iomláine agus gur féidir linn bogadh ar aghaidh chuig reachtaíocht dhifriúil atá de dhíth chun cur leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Cén fáth go bhfuil moill ar roinnt de na gnéithe seo? Is rud é sin nach bhfuil soiléir. I gcás roinnt acu, níl a fhios agam. Luaigh an tAire Stáit an coiste comhairleach ach níl sé freagrach as an gcuid is mó acu. Cén fáth nach bhfuilimid tar éis feidhmiú a dhéanamh ar an bhforáil a fuair réidh leis na scéimeanna teanga, mar shampla?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag obair chun gach rud a thosú. Mar a dúirt mé, tá struchtúr nua sa Roinn agus tá oifigigh ag obair chun gach alt san Acht a chur i bhfeidhm. Thosaigh muid leis an gcoiste comhairleach agus le hailt eile a bhaineann leis, mar a dúirt mé, ar aon le tosach feidhme na Achta. Tá foireann nua ann sa Roinn ag obair chun gach rud a thosú.