Dáil debates
Thursday, 17 November 2022
Ceisteanna Eile (Atógáil) - Other Questions (Resumed)
Acht na dTeangacha Oifigiúla
10:10 am
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a achtaíodh i mí na Nollag 2021, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Cuireadh tús feidhme ar 20 Meitheamh 2022 leis na forálacha teicniúla seo: alt 1 a thugann míniú maidir leis an bpríomh-Acht; agus alt 2, a dhéanann leasú ar alt 2 den phríomh-Acht. Chomh maith leis sin, tá tús feidhme curtha leis na forálacha seo a leanas ar 20 Meitheamh 2022 fosta: alt 8, a bhaineann le bunú an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge; agus alt 20, a bhaineann le gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme an Achta. Tháinig na forálacha in alt 6 maidir le fógraíocht phoiblí i bhfeidhm ar 10 Deireadh Fómhair 2022. Mar thoradh air seo, cinnteoidh comhlacht poiblí gur i nGaeilge a bheidh 20% ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain agus go ndéanfar 5% ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge. Tá roinnt bearta eile ar na bacáin agus comhráití déthaobhacha tosaithe chomh maith chun a chinntiú go mbainfear an sprioc earcaíochta de 20% roimh dheireadh 2030 amach. San áireamh anseo tá feasacht a chruthú faoi na deiseanna le Gaeilge san earnáil phoiblí, tacú tuilleadh le foghlaimeoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin, agus tionscnaimh fhéideartha agus nuálacha a fhiosrú le Ranna Stáit eile chun sineirge a aithint.
I measc na bhforálacha nach bhfuil feidhm tugtha leo fós tá a leanas: alt 3, ceann comhlachta phoiblí a cheapadh agus tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht a chur ar fáil; alt 4, dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil; alt 5, dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge, foirmeacha oifigiúla agus lógónna; alt 7, leasú teicniúil maidir leis na caighdeáin teanga; alt 9, tosach feidhme a thabhairt do na caighdeáin teanga agus treoirlínte a chur ar fáil ina leith; alt 10, leasú ar alt 21 den phríomh-Acht mar a bhaineann le faireachán agus Oifig an Choimisinéir Teanga, leasú teicniúil ar alt 29 den phríomh-Acht, agus leasaithe ar ailt 31 agus 32 den phríomh-Acht mar a bhaineann leis an gcoiste logainmneacha; alt 15, leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht; alt 16, leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe a bhfuil sé beartaithe a chur i bhfeidhm roimh dheireadh Aibreán 2023; alt 17, aisghairm maidir le hailt den phríomh-Acht a chuirfidh deireadh leis na scéimeanna teanga; alt 18, deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha; agus alt 19, foráil idirthréimhseach maidir le dréacht scéimeanna.
Maidir le tús feidhme a thabhairt do na forálacha éagsúla atá luaite agam, tá sceideal leagtha amach ag m'oifigigh chuige sin atá mar dhoiciméad oibre a athraíonn ó am go ham de réir mar a théann an obair ar fheidhmiú an Achta ar aghaidh. É sin ráite, tá sé i gceist agam tús feidhme a chur le roinnt de na forálacha luath sa bhliain nua. Críochnóidh mé an freagra níos déanaí.
Breis eolais nár tugadh ar urlár an Tí
É sin ráite, tá i gceist agam tús feidhme a chur le roinnt de na forálacha luath sa bhliain nua agus an fuílleach a thosú amach sa bhlian tar éis dul trí próisis comhairliúcháin atá leagtha síos san Acht agus treoirlínte cuí a bheith dréachtaithe.
Maidir leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, tháinig an coiste seo le chéile trí huaire go dtí seo - ar an Aoine, an 25 Iúil 2022, ar an Aoine, an 26 Lúnasa, agus ar an Aoine, an 28 Deireadh Fómhair. Déantar miontuairiscí a thógáil ag cruinnithe an choiste agus tá fáil orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinne faoin leathanach tiomnaithe don choiste comhairleach agus a chuid oibre. Tá beartaithe go dtiocfaidh an coiste le chéile arís ar an Aoine, an 25 Samhain agus i lár mhí na Nollag chomh maith.
No comments