Dáil debates

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Coláistí Samhraidh

10:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an léir di na fadhbanna bunúsacha, atá soiléir ón Taighde ar Dhúshláin na gColáistí i gCorca Duibhne a rinneadh le déanaí, atá ag Coláistí Samhradh maidir le lóistín a sholáthar amach anseo do na mic léinn a fhreastalaíonn orthu agus cé na céimeanna atá á nglacadh aici chun feabhas a chur ar an scéal sula ndúnfar coláiste nó coláistí samhraidh. [47273/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Tá an chéad cheist seo dírithe ar na dúshláin atá ag coláistí samhraidh agus go háirithe ar an tuarascáil Taighde ar Dhúshláin na gColáistí Samhraidh i gCorca Dhuibhne. Ar léigh an tAire Stáit an taighde seo agus cad iad na gníomhartha a dhéanfaidh sé chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh lóistín ar fáil dóibh siúd atá ina mic léinn sna coláistí samhraidh amach anseo?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist seo. I dtús báire, níor mhiste dom a rá go bhfuair mo Roinn cóip den tuarascáil atá mar ábhar na ceiste seo dar teideal Taighde ar Dhúshláin na gColáistí Samhraidh i gCorca Dhuibhne agus go bhfuiltear á breithniú faoi láthair.

Agus an tuarascáil seo á breithniú, ní gá a rá go mbíonn an Roinn ar an airdeall i rith an ama faoin tábhacht a bhaineann le polasaithe agus beartais chuí a aimsiú agus a fheidhmiú a chuirfidh le hinmharthanacht fhoriomlán na Gaeilge ar bhealach a luíonn isteach leis an bpróiseas pleanála teanga.

Ar bhonn ginearálta, aithníonn mo Roinn, ar ndóigh, ón bplé leanúnach a dhéanaimid le teaghlaigh Ghaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne, le lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge agus lena scáthghrúpa Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, go bhfuil dúshlán faoi leith le sárú de thoradh teaghlaigh de chuid na scéime ag éirí as a bheith ag coinneáil scoláirí ar iostas ó 2019.

Níor mhiste dom a rá go bhfuil sonraí beachta faoin staid reatha ina leith seo uile á gcur i dtoll a chéile ag mo Roinn faoi láthair, anois go bhfuil tréimhse na gcúrsaí samhraidh thart. Déanfar an scéal trí chéile a bhreithniú go cúramach nuair atá na sonraí sin faoi lámh.

Níor mhiste a nótáil ar bhonn níos ginearálta gur ghlac an Roinn le roinnt bearta faoi leith i mbliana chun tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Níos luaithe i mbliana, cheadaigh mé ardú 10% sa deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar chostas tuairim is €400,000. Cabhróidh sé seo, gan amhras, le hiarrachtaí na gcoláistí teaghlaigh a choinneáil agus a mhealladh.

Anuas air sin, cheadaigh mé ciste faoi leith ar fiú €400,000 eile chun go mbeidh an deis ag breis agus 400 scoláire ó iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Lena chois sin uile, ceadaíodh gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí oíche faoin scéim mar bheart eisceachtúil don bhliain seo amháin. Is fiú tuairim is €800,000 na beartais seo agus is ionann le maoiniú os cionn €5 milliún ar fad ar leas na hearnála i mbliana é.

Maidir le ceantar Chorca Dhuibhne go sonrach, níor mhiste dom a lua gur cuireadh ciste faoi leith ar fáil d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo. mar chuid den chiste foriomlán bliantúil, ar fiú breis is €237,000 sa bhliain é, chun tacú go sonrach leis an eagraíocht. Críochnóidh mé an chuid eile den fhreagra níos déanaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá tuarascáil cuibheasach cuimsitheach curtha le chéile ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir ó DCU. Bhí moltaí sách dearfach aige, deich gcinn san iomlán, agus tá roinnt eile fite fuaite leis má léitear an tuarascáil ina iomlán. Bhí ceann de na príomhchinn faoi mhaoiniú. Luaigh an tAire Stáit ansin gur ardaigh sé an maoiniú i mbliana. Is ardú €10 go dtí €11 an dalta atá i gceist. Bhíodh an maoiniú ag €10.50 roimh 2010 nuair a rinneadh gearradh siar air. Nílimid ag dul suas ach 50 cent mar sin. Luaigh an tOllamh ó Duibhir, agus luaigh na coláistí samhraidh eile istigh sa Dáil anseo nuair a bhí siad os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge é seo freisin, gur chóir go mbeadh sé €12.50 ar a laghad, is é sin ag cur an ráta boilscithe idir 2010 agus anuraidh san áireamh, mar níl an ráta boilscithe sin curtha san áireamh. Ba chóir go mbeadh an maoiniú mar sin ag €12.50. Cad iad na céimeanna atá i gceist ag an Aire Stáit a ghlacadh le go mbeidh an maoiniú sin á thabhairt suas go dtí an ráta sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh deis agam an freagra iomlán a chríochnú cúpla nóiméad ó shin. Maidir le Corca Dhuibhne, mar chuid den chiste foriomlán bliantúil, is fiú breis is €237,000 sa bhliain é chun tacú go sonrach leis an eagraíocht chun teaghlaigh an cheantair a chumasú agus a mhealladh i dtreo lóistín a chur ar fáil do lucht freastail na gcoláistí. Tuigtear dom, go deimhin, go bhfuil roinnt tithe nua sa cheantar tar éis clárú le scéim na Roinne le gairid. Ar ndóigh, tá seo uile á dhéanamh mar bheart faoi leith chun tacú le feidhmiú foriomlán an phróisis pleanála teanga atá á mhaoiniú ar bhonn leanúnach ag mo Roinn sa cheantar, ar nós gach ceantar Gaeltachta eile.

Mar atá luaite agam cheana agus mar a gealladh roimhe seo, tá mo Roinn i mbun na socruithe a dhéanamh faoi láthair chun cruinniú a eagrú gan mhoill leis an scáthghrúpa CONCOS chun go mbeidh deis ag an Roinn breathnú chun cinn ar na bealaí breise a mbeifear in ann tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge ar mhaithe le tuilleadh teaghlaigh Gaeltachta a mhealladh chuig an earnáil.

Ní gá dom a dhearbhú go bhfuilim féin agus mo Roinn tiomanta leanúint ar aghaidh ag tacú le hearnáil na gcoláistí Gaeilge faoi réir na mbearta ábhartha atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge.

Ba chabhair mhór an t-allúntas chun cuidiú a thabhairt do mhná tí agus do na teaghlaigh Gaeltachta arís an bhliain seo chugainn agus beidh an t-allúntas seo ag dul suas an bhliain seo chugainn. Beidh mé in ann é sin a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé go maith go bhfuil céim glactha agus go bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh céimeanna eile ann. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann plean cúig bliaina nó fiú amháin deich mbliana a chur ar siúl le go dtuigeann iad siúd atá ina mná tí faoi láthair, agus na brúnna san áireamh, cad atá in ann dóibh, agus dóibh siúd freisin atá ag teacht isteach san earnáil. Is earnáil rí-thábhachtach é seo ó thaobh gheilleagar na nGaeltachtaí, go háirithe. Is gá dúinn níos mó a dhéanamh, ní hamháin chun cuidiú leo le linn na tréimhse samhraidh, ach ina dhiaidh sin freisin chun daoine eile a mhealladh.

Chomh maith leis sin, tá athchóiriú agus a leithéid de dhíth agus caighdeáin nua toisc Covid-19 ag teastáil. Beidh ar mhná tí, ar bhrúnna agus a leithéid, infheistiú a dhéanamh chun athdheisiú nó deisiúcháin a dhéanamh ar fhoirgnimh. An bhfuil aon chiste ar leith ar fáil dóibh sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid i dteagmháil le CONCOS agus le Teaghlaigh na Gaeltachta anois agus an samhradh thart anois agus táimid ag déanamh athbhreithniú ar gach rud. Tá allúntas breise ar feadh na bliana seo chugainn agus beimid ag féachaint ar an allúntas seo idir an bhliain seo agus an bhliain seo chugainn. Beimid in ann níos mó tacaíochta a thabhairt le linn scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an bhliain seo chugainn freisin. Nuair a bheidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe, beimid in ann é a fhoilsiú.