Dáil debates

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Coláistí Samhraidh

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist seo. I dtús báire, níor mhiste dom a rá go bhfuair mo Roinn cóip den tuarascáil atá mar ábhar na ceiste seo dar teideal Taighde ar Dhúshláin na gColáistí Samhraidh i gCorca Dhuibhne agus go bhfuiltear á breithniú faoi láthair.

Agus an tuarascáil seo á breithniú, ní gá a rá go mbíonn an Roinn ar an airdeall i rith an ama faoin tábhacht a bhaineann le polasaithe agus beartais chuí a aimsiú agus a fheidhmiú a chuirfidh le hinmharthanacht fhoriomlán na Gaeilge ar bhealach a luíonn isteach leis an bpróiseas pleanála teanga.

Ar bhonn ginearálta, aithníonn mo Roinn, ar ndóigh, ón bplé leanúnach a dhéanaimid le teaghlaigh Ghaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne, le lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge agus lena scáthghrúpa Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, go bhfuil dúshlán faoi leith le sárú de thoradh teaghlaigh de chuid na scéime ag éirí as a bheith ag coinneáil scoláirí ar iostas ó 2019.

Níor mhiste dom a rá go bhfuil sonraí beachta faoin staid reatha ina leith seo uile á gcur i dtoll a chéile ag mo Roinn faoi láthair, anois go bhfuil tréimhse na gcúrsaí samhraidh thart. Déanfar an scéal trí chéile a bhreithniú go cúramach nuair atá na sonraí sin faoi lámh.

Níor mhiste a nótáil ar bhonn níos ginearálta gur ghlac an Roinn le roinnt bearta faoi leith i mbliana chun tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Níos luaithe i mbliana, cheadaigh mé ardú 10% sa deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar chostas tuairim is €400,000. Cabhróidh sé seo, gan amhras, le hiarrachtaí na gcoláistí teaghlaigh a choinneáil agus a mhealladh.

Anuas air sin, cheadaigh mé ciste faoi leith ar fiú €400,000 eile chun go mbeidh an deis ag breis agus 400 scoláire ó iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Lena chois sin uile, ceadaíodh gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí oíche faoin scéim mar bheart eisceachtúil don bhliain seo amháin. Is fiú tuairim is €800,000 na beartais seo agus is ionann le maoiniú os cionn €5 milliún ar fad ar leas na hearnála i mbliana é.

Maidir le ceantar Chorca Dhuibhne go sonrach, níor mhiste dom a lua gur cuireadh ciste faoi leith ar fáil d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo. mar chuid den chiste foriomlán bliantúil, ar fiú breis is €237,000 sa bhliain é, chun tacú go sonrach leis an eagraíocht. Críochnóidh mé an chuid eile den fhreagra níos déanaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.