Dáil debates

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Coláistí Samhraidh

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní raibh deis agam an freagra iomlán a chríochnú cúpla nóiméad ó shin. Maidir le Corca Dhuibhne, mar chuid den chiste foriomlán bliantúil, is fiú breis is €237,000 sa bhliain é chun tacú go sonrach leis an eagraíocht chun teaghlaigh an cheantair a chumasú agus a mhealladh i dtreo lóistín a chur ar fáil do lucht freastail na gcoláistí. Tuigtear dom, go deimhin, go bhfuil roinnt tithe nua sa cheantar tar éis clárú le scéim na Roinne le gairid. Ar ndóigh, tá seo uile á dhéanamh mar bheart faoi leith chun tacú le feidhmiú foriomlán an phróisis pleanála teanga atá á mhaoiniú ar bhonn leanúnach ag mo Roinn sa cheantar, ar nós gach ceantar Gaeltachta eile.

Mar atá luaite agam cheana agus mar a gealladh roimhe seo, tá mo Roinn i mbun na socruithe a dhéanamh faoi láthair chun cruinniú a eagrú gan mhoill leis an scáthghrúpa CONCOS chun go mbeidh deis ag an Roinn breathnú chun cinn ar na bealaí breise a mbeifear in ann tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge ar mhaithe le tuilleadh teaghlaigh Gaeltachta a mhealladh chuig an earnáil.

Ní gá dom a dhearbhú go bhfuilim féin agus mo Roinn tiomanta leanúint ar aghaidh ag tacú le hearnáil na gcoláistí Gaeilge faoi réir na mbearta ábhartha atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge.

Ba chabhair mhór an t-allúntas chun cuidiú a thabhairt do mhná tí agus do na teaghlaigh Gaeltachta arís an bhliain seo chugainn agus beidh an t-allúntas seo ag dul suas an bhliain seo chugainn. Beidh mé in ann é sin a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.