Dáil debates

Wednesday, 9 February 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Údarás na Gaeltachta

9:12 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba cinneadh mí-ghnáthúil a bhí ann deireadh a chur le toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Sin cinneadh a thóg Rialtas de chuid Fhine Gael agus cinneadh a bhí páirtí an Aire Stáit i gcoinne. Ba cheart go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann a gcuid ionadaithe féin a thoghadh díreach chuig an mbord. Tá sé sin fíorthábhachtach mar phróiseas daonlathach agus chun cinntiú go mbeadh an stuif a theastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta á phlé ag an mbord. Ba chóir go mbeadh sé de chumhacht ag gnáthmhuintir na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh. Dúirt ceannaire páirtí an Aire - an Taoiseach, an Teachta Micheál Martin - go raibh sé féin agus Fianna Fáil tiomanta go huile agus go hiomlán do bhord tofa a bheith ag Údarás na Gaeltachta arís, ach ó tháinig an páirtí i gcumhacht níl feicthe agam ach moill ina leith. Caithfidh an Rialtas é seo a dheifriú. Tá muid ag rith amach as am.

Tháinig sé chun solais ar an Luan nár chuir eagraíocht ar bith tairiscint isteach do chomórtas an Oifig um Sholáthar Rialtais i leith athbhreithniú ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Dúirt Roinn an Aire Stáit go bhfuil sé i gceist aici próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Tá sé i gceist an próiseas sin a sheoladh go gairid. Tá roinnt ceisteanna agam don Aire Stáit. Cé chomh fada a thógfaidh an próiseas comhairliúcháin seo? Céard iad na céimeanna eile a bheidh á dtógáil ag an Roinn? An mbeidh toghcháin ar siúl go cinnte agus cén uair a bheidh siad ann? Táim fíorbhuartha go mbeidh na toghcháin seo á bhrú siar agus siar agus go rithfidh muid amach as am. Caithfidh an tAire Stáit a rá go soiléir go mbeidh siad ag tarlú agus tús a chur leis an bpróiseas ullmhúcháin láithreach.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an deis an t-ábhar seo a phlé inniu. Tá sé deich mbliana anois ó cuireadh deireadh le daonlathas taobh istigh de bhord Údarás na Gaeltachta. Sin deich mbliana ó rinne Rialtas Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre cinneadh deireadh a chur le toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Le bheith féaráilte, dúirt an tAire Stáit é féin, a pháirtí agus a cheannaire go raibh siad tiomanta go mbeadh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta arís. Seo ábhar ar a bhfuil béim curtha ag Sinn Féin le blianta beaga anuas. Tá reachtaíocht foilsithe againn, a chuir muid os comhair an Tí seo blianta ó shin, agus déanfaimid arís é muna bhfuil an Rialtas seo sásta feidhmiú air seo. Tá sé seo práinneach. Gheall an Taoiseach le linn an olltoghcháin go mbeadh athbhreithniú ar struchtúr, feidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh próiseas roghnúcháin agus toghcháin don bhord ina thosaíocht don Rialtas seo. Mar a dúirt an Teachta Farrell, seo an dara huair anois nár chuir aon duine isteach ar an gcomórtas le hathbhreithniú ar thoghchán Údarás na Gaeltachta. Caithfimid bogadh ar aghaidh. Tá sé deich mbliana ó rinneadh an scoilt sin idir mhuintir na Gaeltachta agus an bord atá ag feidhmiú ar son na Gaeltachta. Ó tharla nach bhfuil duine ar bith ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta, caidé an plean atá ag an Rialtas anois? Níl dabht ar bith gur ceist daonlathais í seo. I mo thuairim, agus i dtuairim Shinn Féin, níl athbhreithniú de dhíth. Go simplí, caithfidh an Rialtas na toghcháin seo a chur ar bun arís agus é a dhéanamh lom láithreach. Céim siar a bhí sa chinneadh fáil réidh leis na toghcháin in 2012 agus cailleadh an nasc sin idir lucht vótála na Gaeltachta agus na daoine a dhéanann na cinntí. Tá tionchar aige seo níos faide ná Údarás na Gaeltachta. Tá tionchar aige ar thodhchaí na Gaeltachta í féin. D’aontaigh Fianna Fáil linn ag an am in 2012 ach tá siad sa Rialtas anois le dhá bhliain agus níl aon rud déanta fá dtaobh de seo. An gcuirfidh an tAire Stáit an próiseas i mbun sa dóigh is go mbeidh toghcháin ann arís do bhord Údarás na Gaeltachta?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol do na Teachtaí, luaitear sa chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Maidir leis an gcuid den ghealltanas a bhaineann leis an athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin atá i bhfeidhm do bhord Údarás na Gaeltachta, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais, ar iarratas na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spóirt agus Meán, comórtas a reáchtáil don dara huair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne. Mar chuid den athbhreithniú sin, is mian leis an Rialtas an deis a thabhairt don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a léiriú i scríbhinn ag úsáid an cheistneora a fhoilseofar go luath. Is comhairliúchán poiblí é seo agus foilseofar na freagraí a fhaightear ar shuíomh an Rialtais. Is cúis díomá é nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh na gcomórtas seo, ach mar sin féin tá sé i gceist an próiseas comhairliúcháin phoiblí a sheoladh go ríghairid, faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Cuirfear san áireamh, mar is cuí, moltaí agus tuairimí faoin ábhar a fhaightear de thoradh an phróisis comhairliúcháin phoiblí.

Comhthreomhar leis an bpróiseas comhairliúchán sin a bheith ar bun, leanfaidh an Roinn ag obair leis an Oifig um Sholáthar Poiblí i dtreo an Roinn a bheith in ann sainchomhairleoireacht atá cáilithe go cuí a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur ar fáil don Roinn maidir leis an gcur chuige roghnúcháin nó toghcháin is fearr don todhchaí.

Tá dhá iarracht ar leith déanta go dtí seo ag an Oifig um Sholáthar Rialtais sainchomhairleoireacht a aimsiú trí chomórtas tairisceana. Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh an dara chomórtais seo, tá roghanna eile á mbreithniú ag an Roinn faoi láthair i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí. Mar shampla, d'fhéadfaí dul i mbun plé díreach le hinstitiúidí nó comhlachtaí a bhfuil taithí nó saineolas ar leith acu sa réimse seo. D'fhéadfaí féachaint laistigh den státchóras féin chomh maith agus tabhairt faoin athbhreithniú ar an mbunús sin.

Is é an sprioc atá leis an obair seo ar fad, ar ndóigh, ná teacht ar an gcur chuige roghnúcháin nó toghcháin is fearr don údarás.

9:22 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhfuair mé soiléireacht ó shin, caithfidh mé a rá. Dúirt an tAire Stáit go bhfoilseofaí an ceistneoir go luath. Cén uair? Deirtear go bhfoilseofar é go ríghairid. Bhí an t-eolas sin amuigh san iomaíocht cheana féin. Táimid anseo chun an cheist seo a phlé. Táimid ag labhairt díreach leis an Aire Stáit. Teastaíonn freagraí uainn. Tá sé á phlé mar go bhfuil daoine fíorbhuartha faoi seo. Cén uair a sheolfar an ceistneoir seo? An bhfuil an tAire Stáit ag rá, go soiléir, linn inniu go mbeidh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta? Cén uair a bheidh sé? Teastaíonn freagraí uainn. Is é sin an fáth go bhfuilimid á phlé inniu. Teastaíonn freagraí uainn.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin é bun agus barr an scéil. Tá freagraí de dhíth, ní orainn, ach ar mhuintir na Gaeltachta. Tá siad ag fanacht anois deich mbliana le toghcháin a thabhairt ar ais ag bord Údarás na Gaeltachta. Tá an cheist seo socraithe sa Ghaeltacht. Roimh an olltoghchán deireanach, bhí cruinnithe sa Ghaeltacht ag na grúpaí poiblí Gaeltachta. Is é ceann de na héilimh a bhí acu ná daonlathas a thabhairt ar ais go dtí Údarás na Gaeltachta. Tá daoine agus grúpaí ag feidhmiú go dtí seo. Níl próiseas eile de dhíth ach má tá an Roinn tiomanta chun an phróisis seo, ar a laghad, iarraim ar an Aire Stáit insint dúinn an mhí a bhfuil sé ag dul ag tosú. Cá fhad a mhairfidh sé? Cathain a thiocfaidh deireadh leis? Cá fhad ina dhiaidh sin a nglacfaidh an tAire Stáit agus an Rialtas le cinneadh a dhéanamh le toghchán a thabhairt ar ais ag bord Údarás na Gaeltachta? An bhfuil athrú scéil ó thaobh pholasaí Fhianna Fáil ann? Mar sin, is é an polasaí a bhí ag Fianna Fáil ná go mbeadh toghcháin ar ais ag bord Údarás na Gaeltachta. An bhfuil athrú scéala air sin anois?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhéadfadh an t-údarás a bheith níos gaire fós don phobal Gaeltachta a n-oibríonn sé dóibh. Is é sin an fáth go bhfuil an próiseas seo ag tosú. Is é sin an fáth go ndearna an Oifig um Sholáthar Rialtais na comórtais a reáchtáil. Tuigtear don Roinn go bhfuil os cionn 20 comhlacht cláraithe ar an gcreatlach sin. Foilsíodh an chéad chuireadh chun tairisceana ar an 8 Iúil, ach níor cuireadh aon tairiscint isteach don chomórtas sin. Is é an spriocdháta a bhí leis ná an 4 Lúnasa. Foilsíodh an dara cuireadh chun tairisceana ar sheachtain na Nollag agus tugadh níos mó ama an babhta sin. Mar sin féin, níor cuireadh aon tairiscint isteach don chomórtas sin faoin spriocdháta a bhain leis, an 28 Eanáir.

Tá sé i gceist an Rialtas próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú mar chuid den athbhreithniú faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn. Tá sé i gceist an próiseas sin a sheoladh go ríghairid. De réir seo ar fad, níl aon chinneadh déanta ag an Rialtas go fóill maidir leis an leagan amach a bheidh ar an mbord amach anseo. Ní dhéanfar aon chinneadh ina leith go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe seo curtha i gcrích.

Tá mé sásta leis na toghcháin mar chuid den phróiseas rialachais agus cinntíonn siad go bhfuil eagraíocht dírithe ar thosaíocht an phobail a bhfreastalaíonn siad orthu a sheachadadh. Soláthraíonn siad córas trédhearcach de cheapacháin agus tugann siad spreagadh do na hionadaithe dul i dteagmháil go gníomhach leis na pobail a ndéanann siad ionadaíocht orthu.

Tá dhá rud ag tosú anois. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí an-tábhachtach chun na tuairimí a phlé le pobal na Gaeltachta. Tá mé dóchasach go mbeimid in ann an próiseas leis an Oifig um Sholáthar Rialtais a chur i bhfeidhm anois. Ní rabhamar in ann an rud seo a chríochnú an bhliain seo caite.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén dáta a bheidh sé á dhéanamh?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an próiseas comhairliúcháin á sheoladh go gairid.