Dáil debates

Wednesday, 9 February 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Údarás na Gaeltachta

9:12 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an deis an t-ábhar seo a phlé inniu. Tá sé deich mbliana anois ó cuireadh deireadh le daonlathas taobh istigh de bhord Údarás na Gaeltachta. Sin deich mbliana ó rinne Rialtas Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre cinneadh deireadh a chur le toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Le bheith féaráilte, dúirt an tAire Stáit é féin, a pháirtí agus a cheannaire go raibh siad tiomanta go mbeadh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta arís. Seo ábhar ar a bhfuil béim curtha ag Sinn Féin le blianta beaga anuas. Tá reachtaíocht foilsithe againn, a chuir muid os comhair an Tí seo blianta ó shin, agus déanfaimid arís é muna bhfuil an Rialtas seo sásta feidhmiú air seo. Tá sé seo práinneach. Gheall an Taoiseach le linn an olltoghcháin go mbeadh athbhreithniú ar struchtúr, feidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh próiseas roghnúcháin agus toghcháin don bhord ina thosaíocht don Rialtas seo. Mar a dúirt an Teachta Farrell, seo an dara huair anois nár chuir aon duine isteach ar an gcomórtas le hathbhreithniú ar thoghchán Údarás na Gaeltachta. Caithfimid bogadh ar aghaidh. Tá sé deich mbliana ó rinneadh an scoilt sin idir mhuintir na Gaeltachta agus an bord atá ag feidhmiú ar son na Gaeltachta. Ó tharla nach bhfuil duine ar bith ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta, caidé an plean atá ag an Rialtas anois? Níl dabht ar bith gur ceist daonlathais í seo. I mo thuairim, agus i dtuairim Shinn Féin, níl athbhreithniú de dhíth. Go simplí, caithfidh an Rialtas na toghcháin seo a chur ar bun arís agus é a dhéanamh lom láithreach. Céim siar a bhí sa chinneadh fáil réidh leis na toghcháin in 2012 agus cailleadh an nasc sin idir lucht vótála na Gaeltachta agus na daoine a dhéanann na cinntí. Tá tionchar aige seo níos faide ná Údarás na Gaeltachta. Tá tionchar aige ar thodhchaí na Gaeltachta í féin. D’aontaigh Fianna Fáil linn ag an am in 2012 ach tá siad sa Rialtas anois le dhá bhliain agus níl aon rud déanta fá dtaobh de seo. An gcuirfidh an tAire Stáit an próiseas i mbun sa dóigh is go mbeidh toghcháin ann arís do bhord Údarás na Gaeltachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.