Dáil debates

Wednesday, 9 February 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Údarás na Gaeltachta

9:12 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol do na Teachtaí, luaitear sa chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Maidir leis an gcuid den ghealltanas a bhaineann leis an athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin atá i bhfeidhm do bhord Údarás na Gaeltachta, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais, ar iarratas na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spóirt agus Meán, comórtas a reáchtáil don dara huair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne. Mar chuid den athbhreithniú sin, is mian leis an Rialtas an deis a thabhairt don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a léiriú i scríbhinn ag úsáid an cheistneora a fhoilseofar go luath. Is comhairliúchán poiblí é seo agus foilseofar na freagraí a fhaightear ar shuíomh an Rialtais. Is cúis díomá é nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh na gcomórtas seo, ach mar sin féin tá sé i gceist an próiseas comhairliúcháin phoiblí a sheoladh go ríghairid, faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Cuirfear san áireamh, mar is cuí, moltaí agus tuairimí faoin ábhar a fhaightear de thoradh an phróisis comhairliúcháin phoiblí.

Comhthreomhar leis an bpróiseas comhairliúchán sin a bheith ar bun, leanfaidh an Roinn ag obair leis an Oifig um Sholáthar Poiblí i dtreo an Roinn a bheith in ann sainchomhairleoireacht atá cáilithe go cuí a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur ar fáil don Roinn maidir leis an gcur chuige roghnúcháin nó toghcháin is fearr don todhchaí.

Tá dhá iarracht ar leith déanta go dtí seo ag an Oifig um Sholáthar Rialtais sainchomhairleoireacht a aimsiú trí chomórtas tairisceana. Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh an dara chomórtais seo, tá roghanna eile á mbreithniú ag an Roinn faoi láthair i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí. Mar shampla, d'fhéadfaí dul i mbun plé díreach le hinstitiúidí nó comhlachtaí a bhfuil taithí nó saineolas ar leith acu sa réimse seo. D'fhéadfaí féachaint laistigh den státchóras féin chomh maith agus tabhairt faoin athbhreithniú ar an mbunús sin.

Is é an sprioc atá leis an obair seo ar fad, ar ndóigh, ná teacht ar an gcur chuige roghnúcháin nó toghcháin is fearr don údarás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.