Dáil debates

Thursday, 20 January 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Ghaeltacht

10:50 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

71. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht stádas na tuarascála dar teideal Tuarascáil Taighde do Tuismitheoirí na Gaeltachta agus go háirithe na moltaí 1 go 7 atá leagtha amach sa tuarascáil sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2836/22]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann mo cheist leis an tuarascáil dár teideal Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta. Cad é dearcadh na Roinne ó thaobh an staidéir seo agus na moltaí atá ann? Cad atá beartaithe ag an Roinn ó thaobh an staidéir thábhachtaigh seo?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite agam roimhe seo, cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú an taighde is deireanaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ar tugadh faoi le maoiniú mo Roinne. Dár ndóigh, is mise a sheol an tuarascáil ar na heagraíochta an samhradh seo caite. Is saothar taighde tairbheach é an taighde seo dar teideal Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta, sa mhéid is go dtugann sé léargas ar staid reatha an scéil.

Mar is eol don Teachta, is ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 lena mbaineann, agus polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. I gcomhthéacs bheart 3.1 den phlean gníomhaíochta, a bhaineann leis an réimse gnímh An Teaghlach ag Cur na Teanga Ar Aghaidh, níor mhiste an t-allúntas suas le €1.5 milliún thar an tréimhse 2021 go 2023 a cheadaigh mé do Thuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh a lua. Tagann an ciste ardaithe seo sna sála ar an gciste a cuireadh ar fáil don eagraíocht don tréimhse dhá bhliain go leith roimhe seo chun clár comhaontaithe ar leas teaghlaigh Ghaeltachta a fheidhmiú. Cuireadh an t-allúntas reatha ar chumas na heagraíochta cur leis an réim gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí atá á riar aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla le cúnamh leanúnach mo Roinne mar thaca breise do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne i nGaeilge nó atá ag iarraidh sin a dhéanamh. Tá sé seo le déanamh mar thaca foriomlán d'fheidhmiú bisiúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Níor mhiste a lua chomh maith go bhfuil beartaithe ag cathaoirleach mo Roinne grúpa oibre a bhunú go luath chun beart ar leas tuismitheoirí, an cinneadh a luaigh mé, a chomhordú ní b'fhearr agus a bhrú chun cinn. Beidh an grúpa chomhdhéanta de pháirtí leasmhara lena n-airítear oifigigh pleanála teanga, Údarás na Gaeltachta agus ionadaíocht ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta féin. Eagrófar an chéad chruinniú den ghrúpa go luath. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag féachaint chuige go mbainfear an leasa is fearr gur féidir an ciste bhreise a chur ar fáil don bhliain reatha de chláir thacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne agus don phróiseas pleanála teanga araon lena mbaineann ar leasa cur chun cinn na Gaeilge go leibhéal theaghlaigh ar fud fad na Gaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithním gur sheol an tAire Stáit an taighde agus an tuarascáil seo agus aithním gur thug an Roinn airgead chun an tuarascáil a chur le chéile. I bhfad níos tábhachtaí, an rud atá ráite laistigh den tuarascáil, ná gur taighde tánaisteach é. Ní taighde nua atá ann ach tá an taighde bailithe le chéile agus tá teachtaireacht láidir ann. Is léir ón taighde a rinneadh sa Ghaeltacht le roinnt blianta anuas go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht maidir le labhairt na teanga. An fáth a chuir mé an cheist ná go bhfuil na moltaí seo thar a bheith praiticiúil, go háirithe ó thaobh feighlithe linbh, moladh 6.6. Táthar ag iarraidh go mbeadh struchtúr ann a éascódh an tslí gur féidir le clainne teacht ar dhaoine chun aire a thabhairt do na páistí le Gaeilge ó dhúchas nó le neart Gaeilge. Cad iad na rudaí praiticiúla atá á déanamh ag an Roinn bunaithe ar an taighde seo?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta go bhfuil an taighde an-tábhachtach agus go bhfuil na moltaí an-phraiticiúil. Mar a luaigh mé, tá sé beartaithe grúpa oibre a bhunú faoi chathaoirleach mo Roinne chun bearta ar leasa tuismitheoirí den chineál a luaigh mé á chomhordú agus á bhrú chun cinn. Beidh ionadaíocht ag páirtithe leasmhara ar an ngrúpa ar a n-airítear oifigigh pleanála teanga Údaráis na Gaeltachta agus ionadaíocht ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta féin. Eagrófar an chéad chruinniú den ghrúpa go luath. Geallaim don Teachta agus don Teach go leanfaidh mé agus mo Roinn ag féachaint chuige go mbainfear an leasa is fearr gur féidir as an gciste breise a bhí ar mo chumas a shlánú do 2022 don clár tacaíochta pobal agus teanga agus don phróiseas pleanála teanga. Beidh sé chun leasa cur chun cinn na Gaeilge ar a n-airítear an réimse teaghlaigh ar fud fad na Gaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cloisim geall an Aire Stáit agus tá a fhios agam go bhfuil a chroí istigh i gcúrsaí Gaeilge. Fáiltím go bhfuil sé deimhnithe ag an Aire Stáit go mbeidh grúpa oibre bunaithe go luath ach tá baol ann go mbeimid báite i gcoistí comhairliúcháin agus i gcóistí éagsúla. Cén uair a bheidh an grúpa oibre seo ar an talamh? Cad iad na téarmaí tagartha? An bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis na seacht moladh atá anseo? Dúirt an tAire Stáit go bhfuil na moltaí praiticiúil mar sin an bhfuil sé ag glacadh leo? Níl an t-am agam díriú isteach ar gach moladh mar sin táim ag díriú isteach ar an gceann a léimeann as an leathanach, sin feighlithe linbh agus struchtúr a chur ar an talamh, go háirithe i bhfianaise an méid atá ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 agus an tábhacht atá leis an nGaeilge a sheachadadh agus a chur ar aghaidh go dtí an chéad glúin eile. Tá ceisteanna díreacha curtha agam agus ba mhaith liom freagraí díreacha a fháil.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá an fhadhb seo an-tábhachtach agus sin an fáth go mbeidh grúpa oibre nua ann agus go mbeidh cathaoirleach mo Roinne ann le hÚdarás na Gaeltachta, le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus le heagraíochtaí eile. Beidh an grúpa oibre sin ag féachaint ar an taighde seo ionas go mbeimid in ann struchtúr a chruthú, staidéar a dhéanamh ar na moltaí agus rudaí praiticiúla a dhéanamh chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Sin an fáth go bhfuil maoiniú breise ann i mbliana; chun cabhair a thabhairt do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus d'eagraíochtaí eile ar fud na Gaeltachta. Beidh an chéad chruinniú den ghrúpa seo i gceann cúpla seachtain. Beidh siad in ann an obair seo a thosú chomh luath agus is féidir.