Dáil debates

Thursday, 20 January 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Straitéisí Ranna

10:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

70. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén straitéis atá aici i leith nuachtán Gaeilge clóite a athbhunú agus i leith tacaíocht bhreise a thabhairt d'iriseoireacht na Gaeilge agus do sheirbhísí nuachta as Gaeilge ar líne, go háirithe anois ós rud é go bhfuil stádas iomlán ag an nGaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 rite. [2810/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist seo ag fiafraí, a Chathaoirligh Gníomhaigh, an bhfuil aon straitéis ann maidir le nuachtán clóite as Gaeilge a athbhunú agus cad iad na tacaíochtaí breise ar gá d'iriseoir i nGaeilge chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh sé nó sí ar chomhleibhéal leis an mBéarla?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tuigtear dom go bhfuil trí scéim ar leith á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tacaíocht a chur ar fáil do na meáin scríofa i nGaeilge: scéim do nuachtáin ar line faoin a fhaigheann Tuairisc.ie tacaíocht; scéim d'irisí Gaeilge faoina fhaigheann leagan clóite agus ar line Comhar tacaíocht; agus scéim d'irisí stíl-mhaireachtála faoina fhaigheann Nós tacaíocht.

Is scéimeanna cúig bliana atá sna trí scéim seo agus cuirfear suas le €2.5 milliún ar fáil do na trí fhoilseacháin seo thar tréimhse na scéime. Ritheann na conarthaí maoinithe sin ón 1 Iúil 2020 go dtí 30 Meitheamh 2025. Forbraíodh na scéimeanna seo bunaithe ar phróiseas comhairliúcháin le hearnáil na meáin Ghaeilge clóite agus ar líne a reáchtáladh ag tús 2020 chomh maith leis an taighde a rinneadh ar Staid Reatha agus Treochtaí Earnáil na Meán in Éirinn in Iúil 2019 agus an tuairisc ar an anailís ar na meáin Ghaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, tuairisc a cuireadh i dtoll a chéile d'Fhoras na Gaeilge i Nollaig 2018. Faoi láthair, níl aon rún ag Foras na Gaeilge na scéimeanna seo a leathnú amach.

É sin ráite, is fiú don Teachta a nótáil go bhfuil sé mar fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a shínigh Uachtarán na hÉireann roimh an Nollaig, go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí sa Stát 5% den bhuiséad bliantúil fógraíochta atá ar fáil dóibh a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Leis an airgead breise seo a bheidh ar fáil d'earnáil na meán Gaeilge, bheinn den tuairim go n-osclófaí suas deiseanna gnó tráchtála d'irisí nua gan aon ghá dóibh a bheith ag brath ar fhóirdheontais Stáit le fanacht ag trádáil.

Sílim go bhfuil poitéinseal sa chur chuige nua seo borradh a chur faoin earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua san earnáil i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Chuir mé an cheist seo mar gur aithin mé, agus an tAire Stáit féin ina fhreagra, go bhfuil deis ann anois toisc Acht na dTeangacha Oifigiúla, go mbeidh airgead ann agus nach mbeidh ar na hirisí, na tréimhseacháin nó ar na nuachtáin - mar is nuachtán i dtús báire atá i gceist anseo – a bheith spleách ar an Stát, ach chun tús a chur le nuachtán fisiciúil, is é sin ceann clóite. Tá gá le hairgead maidir leis sin agus is é sin an fáth go bhfuil mé ag lorg go mbeadh an Roinn ag féachaint an féidir léi, nó an fiú di, nuachtán clóite, seachas tréimhseachán nó iris, a athbhunú arís? Fáiltím roimh an méid atá ann ó thaobh na n-irisí de ach tá gá dúinn féachaint, ní hamháin ar na nuachtáin chlóite, ach go mbeidh siad ar líne chomh maith. Tá Tuairisc.ie ann agus tá Peig.ie ach tá i bhfad Éireann níos mó ar féidir leo a dhéanamh. Is nuachtán fisiciúil atá i gceist sa fhreagra seo.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta an cheist seo a ardú. Tá tábhacht nach beag le réimse na foilsitheoireachta don phobal. I mí na Nollag 2018, d'ullmhaigh Séamus Daltún tuairisc ar an anailís ar na meáin Ghaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. I mí Iúil 2019 rinne Pádraig Ó Ciardha taighde dar teideal Staid Reatha agus Treochtaí Earnáil na Meán in Éirinn. Anuas ar an dá phíosa taighde sin, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin le hearnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne ag tús na bliana 2020. Bunaíodh ar an taighde sin atá luaite agam agus ar an próiseas comhairliúcháin cinneadh trí scéim cúig bliana a riaradh mar a leanas: scéim do nuachtáin ar line faoin a fhaigheann Tuairisc.ie tacaíocht; scéim d'irisí Gaeilge faoina fhaigheann leagan clóite agus ar line Comhar tacaíocht; agus scéim d'irisí stíl-mhaireachtála faoina fhaigheann Nós tacaíocht. Mar atá ráite agam, déanfaidh Foras na Gaeilge infheistíocht de suas do €2.5 milliún sa réimse seo na foilsitheoireachta i gcaitheamh cúig bliana na scéime. Bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair, níl sé beartaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil do nuachtán clóite.

B'fhéidir go mbeidh seans agam tuilleadh eolais a thabhairt nuair a thagaim ar ais.

10:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim a raibh ann sa chomhairliúcháin agus is cuimhin liom féachaint air. Bhí díomá orm gur ghlacadh an cinneadh gan tacaíocht a thabhairt do nuachtáin clóite a thuilleadh. Tá ceangal leis na nuachtáin clóite, ní hamháin leis an nuacht a chur amach ach go mbeadh an Ghaeilge feiceálach i siopaí nuair a théitear isteach. Tá a fhios agam faoi na fadhbanna ar fad atá ann ó thaobh díolacháin agus mar sin ach sa deireadh, chun cur le hiriseoirí agus le hiriseoireacht as Gaeilge, is gá go mbeadh an Stát ag seasamh isteach chun tús a chur leis an athuair. Ansin, bunaithe ar an méid atá ag teacht as Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, ní bheidh siad spleách ar an Rialtas nó ar Fhoras na Gaeilge amach anseo toisc go mbeadh sruth airgid acu nach raibh ar fáil dóibh nuair a bhí nuachtáin ag clóbhualadh. Impím ar an Aire Stáit tacaíocht breise a chur ar fáil, ní hamháin do nuachtáin clóite ach d'iriseoirí na Gaeilge chomh maith.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a luaigh mé, idir 2018 agus 2020 rinneadh taighde agus ritheadh trí phróiseas comhairliúcháin d'earnáil na meán Gaeilge. Bunaithe ar thorthaí agus ar mholtaí an phróisis comhairliúcháin agus taighde sin, rinneadh cinntí maidir leis an réimse seo. Dúirt mé cheana go bhfuil sé mar fhoráil de chuid Achta na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí is Stáit 5% den bhuiséad bliantúil fógraíochta atá ar fáil dóibh a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Leis an airgead seo ar fáil d'earnáil na meán Gaeilge, bheinn den tuairim go n-osclófaí deiseanna gnó tráchtála d'irisí nua gan aon ghá dóibh a bheith ag braith ar dheontais Stáit le fanacht ag trádáil. Tá potential sa chur chuige nua bhorradh a chur faoin earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua san earnáil i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmiú trí mheán na Gaeilge. Beidh go leor deiseanna nua ann i meáin na Gaeilge.