Dáil debates

Thursday, 20 January 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Straitéisí Ranna

10:40 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tuigtear dom go bhfuil trí scéim ar leith á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tacaíocht a chur ar fáil do na meáin scríofa i nGaeilge: scéim do nuachtáin ar line faoin a fhaigheann Tuairisc.ie tacaíocht; scéim d'irisí Gaeilge faoina fhaigheann leagan clóite agus ar line Comhar tacaíocht; agus scéim d'irisí stíl-mhaireachtála faoina fhaigheann Nós tacaíocht.

Is scéimeanna cúig bliana atá sna trí scéim seo agus cuirfear suas le €2.5 milliún ar fáil do na trí fhoilseacháin seo thar tréimhse na scéime. Ritheann na conarthaí maoinithe sin ón 1 Iúil 2020 go dtí 30 Meitheamh 2025. Forbraíodh na scéimeanna seo bunaithe ar phróiseas comhairliúcháin le hearnáil na meáin Ghaeilge clóite agus ar líne a reáchtáladh ag tús 2020 chomh maith leis an taighde a rinneadh ar Staid Reatha agus Treochtaí Earnáil na Meán in Éirinn in Iúil 2019 agus an tuairisc ar an anailís ar na meáin Ghaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, tuairisc a cuireadh i dtoll a chéile d'Fhoras na Gaeilge i Nollaig 2018. Faoi láthair, níl aon rún ag Foras na Gaeilge na scéimeanna seo a leathnú amach.

É sin ráite, is fiú don Teachta a nótáil go bhfuil sé mar fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a shínigh Uachtarán na hÉireann roimh an Nollaig, go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí sa Stát 5% den bhuiséad bliantúil fógraíochta atá ar fáil dóibh a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Leis an airgead breise seo a bheidh ar fáil d'earnáil na meán Gaeilge, bheinn den tuairim go n-osclófaí suas deiseanna gnó tráchtála d'irisí nua gan aon ghá dóibh a bheith ag brath ar fhóirdheontais Stáit le fanacht ag trádáil.

Sílim go bhfuil poitéinseal sa chur chuige nua seo borradh a chur faoin earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua san earnáil i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.