Dáil debates

Thursday, 20 January 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Ghaeltacht

10:50 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar atá ráite agam roimhe seo, cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú an taighde is deireanaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ar tugadh faoi le maoiniú mo Roinne. Dár ndóigh, is mise a sheol an tuarascáil ar na heagraíochta an samhradh seo caite. Is saothar taighde tairbheach é an taighde seo dar teideal Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta, sa mhéid is go dtugann sé léargas ar staid reatha an scéil.

Mar is eol don Teachta, is ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 lena mbaineann, agus polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. I gcomhthéacs bheart 3.1 den phlean gníomhaíochta, a bhaineann leis an réimse gnímh An Teaghlach ag Cur na Teanga Ar Aghaidh, níor mhiste an t-allúntas suas le €1.5 milliún thar an tréimhse 2021 go 2023 a cheadaigh mé do Thuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh a lua. Tagann an ciste ardaithe seo sna sála ar an gciste a cuireadh ar fáil don eagraíocht don tréimhse dhá bhliain go leith roimhe seo chun clár comhaontaithe ar leas teaghlaigh Ghaeltachta a fheidhmiú. Cuireadh an t-allúntas reatha ar chumas na heagraíochta cur leis an réim gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí atá á riar aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla le cúnamh leanúnach mo Roinne mar thaca breise do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne i nGaeilge nó atá ag iarraidh sin a dhéanamh. Tá sé seo le déanamh mar thaca foriomlán d'fheidhmiú bisiúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Níor mhiste a lua chomh maith go bhfuil beartaithe ag cathaoirleach mo Roinne grúpa oibre a bhunú go luath chun beart ar leas tuismitheoirí, an cinneadh a luaigh mé, a chomhordú ní b'fhearr agus a bhrú chun cinn. Beidh an grúpa chomhdhéanta de pháirtí leasmhara lena n-airítear oifigigh pleanála teanga, Údarás na Gaeltachta agus ionadaíocht ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta féin. Eagrófar an chéad chruinniú den ghrúpa go luath. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag féachaint chuige go mbainfear an leasa is fearr gur féidir an ciste bhreise a chur ar fáil don bhliain reatha de chláir thacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne agus don phróiseas pleanála teanga araon lena mbaineann ar leasa cur chun cinn na Gaeilge go leibhéal theaghlaigh ar fud fad na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.