Dáil debates

Tuesday, 2 November 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scoileanna Lán-Ghaeilge

10:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Lorg mé díospóireacht ar an ngéarghá atá ann chun gaelcholáistí nua a bheith lonnaithe sa chathair seo, ach go háirithe i gceantar dheisceart Bhaile Átha Cliath. Tá an t-éileamh ann cheana féin. Tá sé sin cruthaithe. Tá an Stát, toisc nach bhfuil gaelcholáistí ann, ag diúltú do pháistí a dtagann beagnach 500 dóibh in aghaidh na bliana amach as gaelscoileanna sa chuid sin den chathair nach bhfuil spás ann dóibh i ngaelcholáiste. Tá an Stát ag loiceadh ar an dualgas atá orthu gaeloideachas a sholáthar dóibh siúd. Is é sin mar atá sé faoi láthair.

Tá mé ag tabhairt aitheantais don Stát go bhfuil fás ag teacht agus aitheantas ach go háirithe do na tuismitheoirí agus na heagrais atá ag cur na ngaelscoileanna nua chun cinn. Aithnímid é sin ach nuair a thosaíonn gaelscoil nua, caithfidh daoine tosú ag pleanáil láithreach ar ghaelcholáiste. Laistigh de thamall beag, beidh fás thar cuimse ag teacht ar an líon daltaí a bheidh ag dul chuig na gaelscoileanna sna ceantair seo. Faoi láthair, tagann 400 duine as rang 6 gach uile bhliain. Tá sé sin chun fáis laistigh de chúpla bliain go dtí 600. Is iad sin na pleananna atá ann ó thaobh na ngaelscoileanna de; na cinn atá ag méadú agus roinnt cinn nua.

Gan gaelcholáiste nua, beidh an folúntas nó an bhearna idir an t-éileamh agus an spás sna gaelcholáistí ag fás dá réir. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag impí ar an Stát seasamh isteach anseo agus déanamh cinnte de go bhfuil cinn ann. Tá na feachtais, na príomhoidí agus na tuismitheoirí tar éis a aithint cá háit ar chóir go mbeidís sin má tá tú ag déileáil leis an bhfás atá ag teacht ó thaobh na ngaelscoileanna de. Is é ceann de na suíomhanna sin a mbeifeá ag smaoineamh air agus a bhfuil talamh le feiceáil, mar go mbíonn sé deacair uaireanta, ná ceantar cosúil le Coill na Silíní.

Chomh maith leis sin, clúdaím mo cheantar féin, a bhfuil an chuid is mó de lasmuigh den cheantar, i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Tá feachtas agus éileamh ansin ar ghaelscoileanna. Níl aon cheann i mBaile Átha Cliath 10 ná 12 agus tá feachtas ann dóibh sin. Bheadh gaelcholáiste nua ag teastáil chun freastal ar an soláthar a bheadh ag teastáil dóibh sin. Tá an Stát taobh thiar sa phleanáil seo. Gan é sin, tá sé ag diúltú do chearta daltaí scolaíocht a bheith acu i nGaeilge ag leibhéal meánscoile.

Chomh maith leis sin, níl mé ag tabhairt san áireamh an méid páistí a théann ó scoileanna Béarla chuig gaelcholáistí agus atá ag lorg é sin. Nuair a bhí mise ar scoil, ní raibh ach dhá ghaelcholáiste sa cheantar, Coláiste Íosagáin do na cailíní agus Coláiste Eoin dúinn féin atá ar an suíomh ceannann céanna. Tá siad fós ann agus tar éis fáis. Nuair a d’fhreastail mise, ba é sin an méid a bhí ann. Nuair a d’fhreastail mé ar bhunscoil ar dtús, ní raibh ach Gaelscoil amháin sa cheantar sin. Tá aitheantas ag dul go bhfuil fás tar éis tarlú ach tá an chuid is mó de sin ag dul do na tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí.

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar seo a ardú. Tugann sé deis dom an seasamh maidir le háiteanna iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a leagan amach don Teach. Úsáidfidh mé idir Ghaeilge agus Bhéarla sa ráiteas seo. Chun pleanáil a dhéanamh don soláthar scoile, agus anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, déanann mo Roinn an tír a roinnt i 314 limistéar pleanála scoile. Úsáidtear córas GIS le sonraí ó raon leathan foinsí le fáil amach cá dtiocfaidh an brú ar áiteanna scoile ar fud na tíre agus cá mbeidh gá le cóiríocht bhreise scoile ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.

Nuair a léiríonn na sonraí go bhfuil gá le soláthar breise ag leibhéal na bunscoile nó na hiar-bhunscoile, braitheann an soláthar breise sin ar na cúinsí áirithe a bhaineann le gach cás ar leith agus féadfar í a sholáthar trí na modhanna seo a leanas: úsáid a bhaint as acmhainn atá ann cheana i scoil nó scoileanna; acmhainn scoile nó scoileanna a leathnú agus scoil nó scoileanna nua a sholáthar. Déantar próiseas pátrúnachta a reáchtáil nuair a chinntear, bunaithe ar anailís agus ar fhianaise, go bhfuil gá le scoil nua. Bíonn an próiseas pátrúnachta seo oscailte do gach comhlacht pátrúin agus do phátrúin nua.

Rinne mo Roinn an próiseas pátrúnachta ar líne a fhorbairt chun faisnéis chruinn a sholáthar do thuismitheoirí a dtabharfaidh deis dóibh rogha eolach a dhéanamh maidir le pátrúnacht agus a rogha teanga teagaisc. Is é sin Gaeilge nó Béarla, do na scoileanna nua.

Parental preferences, as well as other considerations, such as the extent of diversity of provision in an area, including Irish-medium provision, are key to the decision-making process and whether a post-primary school would take the form of an Irish-medium Gaelcholáiste or whether that school, if English-medium, would include an Irish-medium unit or aonad.

Most new post-primary schools must have a student enrolment capacity of between 600 and 1,000 students. A lower threshold of 400 students may apply to Gaelcholáistí, having regard to the alternative of establishing an aonad within the school. Since April 2018, the Government has announced plans for the establishment of 47 new schools from 2019. This includes four new post-primary schools to serve the Dublin city-south Dublin area, two of which have been established as English-medium schools following a patronage process. Síltear go bhfuil dóthain áiteanna scoile sa ghearrthéarma ag na gaelcholáistí atá sa cheantar chun freastal ar an éileamh a tugadh faoi deara mar chuid de na próisis phátrúnachta a tharla le déanaí.

Cuirtear san áireamh freisin líon na ngaelscoileanna nua a osclaíodh le blianta beaga anuas nó atá beartaithe. Ach tá an cás á choinneáil faoi athbhreithniú gníomhach ag mo Roinn de réir mar a fhásann na scoileanna seo agus de réir mar a thagann méadú ar an líon daltaí rang 6 i ngaelscoileanna.

In 2014, two new Gaelcholáistí were established in Dublin city, namely, Gaelcholáiste an Phiarsaigh, in the Ballinteer-Stepaside area, and Coláiste Ghlór na Mara, in Balbriggan. The year of establishment, patronage model and language of instruction have yet to be determined for the new post-primary schools announced to serve the following school planning areas in south Dublin: Dublin 2-Dublin 4 and Sallynoggin-Killiney-Dún Laoghaire-Rathdown-Cherrywood.

10:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Measaim nach dtuigeann an Roinn na figiúirí. Má tá 391 dalta ag críochnú i rang 6 gach uile bhliain agus nach bhfuil ach 150 spás i ngaelcholáistí sa cheantar, tá fadhb bhunúsach ann. Tá 500 dalta a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna nach bhfuil áit ann dóibh i ngaelcholáistí. Mar a dúirt mé, ní thógann sé sin san áireamh iad siúd a théann ar scoileanna Béarla agus atá ag iarraidh dul chuig na Gaelcholáistí chomh maith. Tá an Stát ag loiceadh ar chearta na ndaltaí sin agus a dtuismitheoirí. Mar a dúirt mé, beidh fás air. Tá a fhios againn an fás toisc go bhfuil sé luaite ansin. Luaigh an tAire na critéir atá ann as Béarla. Dúirt sí "most new post-primary schools must have a student enrolment capacity of between 600 and 1,000 students". Luíonn an figiúr atá á luadh agam leis sin. Ní gá " a lower threshold of 400 students may apply to Gaelcholáistí". Tá an "threshold" ann cheana féin. Tá na daltaí ann cheana féin. Tá sé cruthaithe le tamall de bhlianta. Ní leor féachaint air seo amach anseo. Tá sé ag tarlú anois agus tá sé cruthaithe ag na scoileanna sin agus na daltaí atá ag freastal ar bhunscoileanna trí Ghaeilge sna Gaelscoileanna sa cheantar cheana féin.

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil an-spéis ag an Teachta san ábhar seo. Tá mo Roinn ag déanamh gach iarracht Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ach go háirithe a chur chun cinn. Faoi mar a dúirt mé cheana, new schools are established by the Department on the basis of identified demographic demand in an area and only after consideration of the capacity of existing schools to absorb the expected school place demand. As already stated in the context of the development of schools, two new Gaelcholáistí were established in Dublin city in 2014, namely, Gaelcholáiste an Phiarsaigh, in the Ballinteer-Stepaside area, and Coláiste Ghlór na Mara, in Balbriggan. The year of establishment, patronage model and language of instruction have yet to be determined for the new post-primary schools announced to serve the following school planning areas: Dublin 2-Dublin 4 and Sallynoggin-Killiney-Dún Laoghaire-Rathdown-Cherrywood. Equally, leanfaidh mo Roinn ag obair chun a chinntiú go bhfuil soláthar scoile an-mhaith ag cathair Bhaile Átha Cliath chun freastal ar an éileamh ar áiteanna scoileanna. Chomh maith leis sin, coimeádfar an riachtanas i mBaile Átha Cliath faoi athbhreithniú mar a tharlaíonn le gach réigiún pleanála scoile eile. Ina theannta sin, leanfaidh mo Roinn i dteagmháil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le hathbhreithniú ar phlean forbartha na cathrach chun aon riachtanais chóiríochta scoile fadtéarmacha a aithint. Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as ucht na ceiste seo a chur os mo chomhair. Tá súil agam go bhfeiceann sé go bhfuilimid gnóthach sa Roinn ó thaobh na Gaeilge de.