Dáil debates
Tuesday, 2 November 2021
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
Scoileanna Lán-Ghaeilge
10:25 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Measaim nach dtuigeann an Roinn na figiúirí. Má tá 391 dalta ag críochnú i rang 6 gach uile bhliain agus nach bhfuil ach 150 spás i ngaelcholáistí sa cheantar, tá fadhb bhunúsach ann. Tá 500 dalta a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna nach bhfuil áit ann dóibh i ngaelcholáistí. Mar a dúirt mé, ní thógann sé sin san áireamh iad siúd a théann ar scoileanna Béarla agus atá ag iarraidh dul chuig na Gaelcholáistí chomh maith. Tá an Stát ag loiceadh ar chearta na ndaltaí sin agus a dtuismitheoirí. Mar a dúirt mé, beidh fás air. Tá a fhios againn an fás toisc go bhfuil sé luaite ansin. Luaigh an tAire na critéir atá ann as Béarla. Dúirt sí "most new post-primary schools must have a student enrolment capacity of between 600 and 1,000 students". Luíonn an figiúr atá á luadh agam leis sin. Ní gá " a lower threshold of 400 students may apply to Gaelcholáistí". Tá an "threshold" ann cheana féin. Tá na daltaí ann cheana féin. Tá sé cruthaithe le tamall de bhlianta. Ní leor féachaint air seo amach anseo. Tá sé ag tarlú anois agus tá sé cruthaithe ag na scoileanna sin agus na daltaí atá ag freastal ar bhunscoileanna trí Ghaeilge sna Gaelscoileanna sa cheantar cheana féin.
No comments