Dáil debates

Tuesday, 2 November 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scoileanna Lán-Ghaeilge

10:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Lorg mé díospóireacht ar an ngéarghá atá ann chun gaelcholáistí nua a bheith lonnaithe sa chathair seo, ach go háirithe i gceantar dheisceart Bhaile Átha Cliath. Tá an t-éileamh ann cheana féin. Tá sé sin cruthaithe. Tá an Stát, toisc nach bhfuil gaelcholáistí ann, ag diúltú do pháistí a dtagann beagnach 500 dóibh in aghaidh na bliana amach as gaelscoileanna sa chuid sin den chathair nach bhfuil spás ann dóibh i ngaelcholáiste. Tá an Stát ag loiceadh ar an dualgas atá orthu gaeloideachas a sholáthar dóibh siúd. Is é sin mar atá sé faoi láthair.

Tá mé ag tabhairt aitheantais don Stát go bhfuil fás ag teacht agus aitheantas ach go háirithe do na tuismitheoirí agus na heagrais atá ag cur na ngaelscoileanna nua chun cinn. Aithnímid é sin ach nuair a thosaíonn gaelscoil nua, caithfidh daoine tosú ag pleanáil láithreach ar ghaelcholáiste. Laistigh de thamall beag, beidh fás thar cuimse ag teacht ar an líon daltaí a bheidh ag dul chuig na gaelscoileanna sna ceantair seo. Faoi láthair, tagann 400 duine as rang 6 gach uile bhliain. Tá sé sin chun fáis laistigh de chúpla bliain go dtí 600. Is iad sin na pleananna atá ann ó thaobh na ngaelscoileanna de; na cinn atá ag méadú agus roinnt cinn nua.

Gan gaelcholáiste nua, beidh an folúntas nó an bhearna idir an t-éileamh agus an spás sna gaelcholáistí ag fás dá réir. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag impí ar an Stát seasamh isteach anseo agus déanamh cinnte de go bhfuil cinn ann. Tá na feachtais, na príomhoidí agus na tuismitheoirí tar éis a aithint cá háit ar chóir go mbeidís sin má tá tú ag déileáil leis an bhfás atá ag teacht ó thaobh na ngaelscoileanna de. Is é ceann de na suíomhanna sin a mbeifeá ag smaoineamh air agus a bhfuil talamh le feiceáil, mar go mbíonn sé deacair uaireanta, ná ceantar cosúil le Coill na Silíní.

Chomh maith leis sin, clúdaím mo cheantar féin, a bhfuil an chuid is mó de lasmuigh den cheantar, i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Tá feachtas agus éileamh ansin ar ghaelscoileanna. Níl aon cheann i mBaile Átha Cliath 10 ná 12 agus tá feachtas ann dóibh sin. Bheadh gaelcholáiste nua ag teastáil chun freastal ar an soláthar a bheadh ag teastáil dóibh sin. Tá an Stát taobh thiar sa phleanáil seo. Gan é sin, tá sé ag diúltú do chearta daltaí scolaíocht a bheith acu i nGaeilge ag leibhéal meánscoile.

Chomh maith leis sin, níl mé ag tabhairt san áireamh an méid páistí a théann ó scoileanna Béarla chuig gaelcholáistí agus atá ag lorg é sin. Nuair a bhí mise ar scoil, ní raibh ach dhá ghaelcholáiste sa cheantar, Coláiste Íosagáin do na cailíní agus Coláiste Eoin dúinn féin atá ar an suíomh ceannann céanna. Tá siad fós ann agus tar éis fáis. Nuair a d’fhreastail mise, ba é sin an méid a bhí ann. Nuair a d’fhreastail mé ar bhunscoil ar dtús, ní raibh ach Gaelscoil amháin sa cheantar sin. Tá aitheantas ag dul go bhfuil fás tar éis tarlú ach tá an chuid is mó de sin ag dul do na tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.