Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Gaeltacht Policy

9:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

9. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht soiléiriú a thabhairt i dtaobh an phacáiste tacaíochta atá beartaithe chun cabhair a thabhairt do na coláistí samhraidh i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47902/21]

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Teachta Uí Chonghaile. Tá tú gnóthach anocht. Tá an chéad cheist eile, ceist Uimh. 9, i d'ainm freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í seo ceist maidir leis na coláistí samhraidh. Is dócha gur thug an tAire Stáit freagra roimhe seo. Bheinn buíoch dá bhféadfadh sé é a rá arís, mar níl soiléiriú agam. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil moill ann ó thaobh na gcoláistí samhraidh de agus mar sin tá soiléiriú ag teastáil uaim.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar aitheantas ar thábhacht chóras na gcoláistí Gaeilge, cuireann mo Roinn cistíocht ar fiú os cionn €4 milliún ar fáil go bliantúil de ghnáth mar thaca praiticiúil don earnáil. De thoradh an chúnaimh seo, déantar fóirdheonú ar an gcostas a bhaineann le freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht - beart a bhaineann os cionn 26,000 scoláire leas as go bliantúil.

Is le os cionn tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta atá cáilithe faoi réir scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne a íoctar an cúnamh sin faoi scáth na scéime go príomha. Lena chois sin, cuirtear cúnamh reatha ar fáil don scáthghrúpa CONCOS le go mbeidh sé in ann gníomhú mar is cuí thar ceann mhóramh na gcoláistí. Ina theannta sin, cuirtear cúnamh faoi leith ar fáil ar leas foriomlán na hearnála mar a bhaineann sé le dhá bheart faoi leith: DEIS Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta.

De thoradh Covid-19, beidh a fhios ag an Teachta gur cuireadh ciste cobhsaithe faoi leith ar bun in 2021 ar leas lucht lóistín agus lucht stiúrtha na gcoláistí araon. Dearadh an ciste sin go cúramach, ag cur san áireamh oiread agus ab fhéidir na tosca faoi leith mar a bhí an tráth sin. Maidir le gnóthaí na bliana seo, mar is eol don Teachta, d’fhógair mé cheana pacáiste maoinithe méadaithe ar fiú €2.2 milliún é do lucht lóistín an chórais mar aitheantas ar an mbealach tábhachtach a chuireann siad leis an earnáil. Tá tuairim is 700 teaghlach atá aitheanta faoi scéim na Roinne tar éis leas a bhaint as an gciste méadaithe faoi leith sin. Ina theannta sin, d’fhógair mé ciste faoi leith le gairid ar fiú thart ar €240,000 do na hallaí pobail a úsáideann na coláistí samhraidh de ghnáth. Is maoiniú tábhachtach breise é seo mar aitheantas ar an obair fhónta a dhéanann lucht na hallaí go deonach den chuid is mó agus an tábhacht atá leo.

Maidir leis na coláistí féin, tá go leor oibre déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt míonna anuas i gcomhar le scáthghrúpa na gcoláistí, CONCOS, agus leis na coláistí féin ar mhaithe le cur chuige a fhorbairt agus a fheidhmiú chun cabhrú tuilleadh leis an earnáil. Mar chuid de chur chun feidhme an tríú beart seo, ar leas foriomlán na hearnála, tá bailchríoch á cur faoi láthair ar an obair ullmhúcháin ina leith. Chuimsigh an obair sin ceistneoir faoi leith a seoladh chuig gach coláiste mar aidhm aige léargas níos fearr a fháil ar staid reatha gach coláiste agus foirmle réitigh cuí a dhearadh a thabharfadh aghaidh oiread is féidir ar thacú tuilleadh leis na coláistí iad féin. Tá sé i gceist agam toradh an phróisis seo a fhógairt gan rómhoill.

9:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an dá leathanach eolais agus tugaim faoi deara go mbaineann an chuid is lú díobh leis na coláistí samhraidh. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil go leor oibre déanta agus go bhfuil go leor oibre le déanamh, agus go bhfuil ceistneoir i gceist. Ní thuigim an mhoill leis seo. Tá an tuarascáil ón gcomhchoiste Gaeilge againn, agus mar is eol don Aire Stáit, is ball den choiste mé mar aon leis an gCathaoirleach Gníomhach, an Teachta Ó Cathasaigh. Tá 23 moladh ann agus ní raibh aon easaontas ó thaobh na moltaí sin. Nuair a scríobh Cathaoirleach an choiste an réamhrá, chuir sé béim ar mholadh uimhir a trí maidir le tacaíocht phráinneach atá ag teastáil ó na coláistí samhraidh. Cuireann an tuarascáil seo in iúl dúinn chomh tábhachtach is atá siad do na Gaeltachtaí uilig agus do na daltaí, agus - mar atá scríofa sna moltaí - gur gá iad a leathnú amach do dhaoine eile. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs na paindéime, an féidir leis an Aire Stáit a rá go simplí cén fáth go bhfuil an mhoill seo ann?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is obair í idir an Roinn agus CONCOS chun an próiseas seo a chríochnú. Beidh sé críochnaithe chomh luath agus is féidir. Mar atá ráite agam cheana, bíonn teagmháil rialta ag mo Roinn le hionadaithe na gcoláistí agus go háirithe le scátheagraíochtaí. Go deimhin, is fiú a thabhairt faoi deara go gcuireann mo Roinn deontas reáchtála ar fáil do CONCOS gach bliain, mar is eol don Teachta, ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cuid de na coláistí i mbliana de bharr nach bhféadfadh cúrsaí samhraidh dul ar aghaidh don dara bliain as a chéile. Tá go leor oibre déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt míonna anuas i gcomhar leis na coláistí ar mhaithe le scéim chuí a fhorbairt chun earnáil na gcoláistí samhraidh a chobhsú.

Mar a thuigfidh an Teachta, tá an cheist níos casta i mbliana de bharr ioncam a bheith ag cuid de na coláistí ó fhoinsí eile nach raibh ar fáil dóibh anuraidh. Mar shampla, fuair roinnt coláistí ioncam ó chúrsaí ar líne dírithe ar ábhar oidí. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, bhí cuid de na coláistí ag tarraingt ar scéimeanna eile de chuid an Stáit a bunaíodh de bharr na paindéime. Dá réir sin, b’éigean don Roinn é sin a chur san áireamh.

Mar chuid den taighde a tugadh faoi le tamall anuas, chuir an Roinn ceistneoir faoin ábhar chuig gach coláiste atá bainteach leis an gcóras. Tá an obair thaighde agus anailís beagnach críochnaithe agus tá súil agam an tríú beart a fhógairt go foirmiúil gan rómhoill eile ar mhaithe le leas foriomlán an chórais agus ceantar na Gaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maith dom é má tá mé soiniciúil maidir leis an bhfreagra go bhfuil go leor déanta agus go leor le déanamh fós. Cathain a bheidh an obair seo críochnaithe? Cén dáta atá i gceist? Tá sé sin tuillte agam mar Theachta Dála. I bhfianaise thábhacht na gcoláistí samhraidh don cheantar uilig agus don Ghaeilge agus an ghéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge de, tá gá le dáta ann. B’fhéidir go bhfuil sé casta; níl a fhios agam cén fáth go bhfuil sé. D’éirigh leis an Roinn pacáiste a chur ar fáil an bhliain seo caite. Táimid sa dara bliain agus bheinn den tuairim go mbeadh sé níos éasca mar go bhfuil taithí ag an Roinn anois agus go bhfuil sé aitheanta go bhfuil na coláistí samhraidh thar a bheith tábhachtach. Ag an bpointe seo, an féidir leis an Aire Stáit a rá liom cén dáta a bhfuil súil aige go mbeidh an obair críochnaithe agus pacáiste cabhrach ar fáil?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil dúshlán ann agus is í sin an fáth go bhfuilimid i measc an phróisis seo. Mar a dúirt mé cheana, tá an próiseas beagnach críochnaithe agus is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag faire amach ar na bealaí a bhféadfaí cabhrú leis an earnáil mar atá déanta ag an Roinn ó bunaíodh córas na gcoláistí Gaeilge. Tá súil agam go ndéanfar é chomh luath agus is féidir. Bíonn an Roinn agus CONCOS i dteagmháil an t-am ar fad chun an obair seo a chríochnú.