Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Gaeltacht Policy

9:00 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar aitheantas ar thábhacht chóras na gcoláistí Gaeilge, cuireann mo Roinn cistíocht ar fiú os cionn €4 milliún ar fáil go bliantúil de ghnáth mar thaca praiticiúil don earnáil. De thoradh an chúnaimh seo, déantar fóirdheonú ar an gcostas a bhaineann le freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht - beart a bhaineann os cionn 26,000 scoláire leas as go bliantúil.

Is le os cionn tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta atá cáilithe faoi réir scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne a íoctar an cúnamh sin faoi scáth na scéime go príomha. Lena chois sin, cuirtear cúnamh reatha ar fáil don scáthghrúpa CONCOS le go mbeidh sé in ann gníomhú mar is cuí thar ceann mhóramh na gcoláistí. Ina theannta sin, cuirtear cúnamh faoi leith ar fáil ar leas foriomlán na hearnála mar a bhaineann sé le dhá bheart faoi leith: DEIS Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta.

De thoradh Covid-19, beidh a fhios ag an Teachta gur cuireadh ciste cobhsaithe faoi leith ar bun in 2021 ar leas lucht lóistín agus lucht stiúrtha na gcoláistí araon. Dearadh an ciste sin go cúramach, ag cur san áireamh oiread agus ab fhéidir na tosca faoi leith mar a bhí an tráth sin. Maidir le gnóthaí na bliana seo, mar is eol don Teachta, d’fhógair mé cheana pacáiste maoinithe méadaithe ar fiú €2.2 milliún é do lucht lóistín an chórais mar aitheantas ar an mbealach tábhachtach a chuireann siad leis an earnáil. Tá tuairim is 700 teaghlach atá aitheanta faoi scéim na Roinne tar éis leas a bhaint as an gciste méadaithe faoi leith sin. Ina theannta sin, d’fhógair mé ciste faoi leith le gairid ar fiú thart ar €240,000 do na hallaí pobail a úsáideann na coláistí samhraidh de ghnáth. Is maoiniú tábhachtach breise é seo mar aitheantas ar an obair fhónta a dhéanann lucht na hallaí go deonach den chuid is mó agus an tábhacht atá leo.

Maidir leis na coláistí féin, tá go leor oibre déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt míonna anuas i gcomhar le scáthghrúpa na gcoláistí, CONCOS, agus leis na coláistí féin ar mhaithe le cur chuige a fhorbairt agus a fheidhmiú chun cabhrú tuilleadh leis an earnáil. Mar chuid de chur chun feidhme an tríú beart seo, ar leas foriomlán na hearnála, tá bailchríoch á cur faoi láthair ar an obair ullmhúcháin ina leith. Chuimsigh an obair sin ceistneoir faoi leith a seoladh chuig gach coláiste mar aidhm aige léargas níos fearr a fháil ar staid reatha gach coláiste agus foirmle réitigh cuí a dhearadh a thabharfadh aghaidh oiread is féidir ar thacú tuilleadh leis na coláistí iad féin. Tá sé i gceist agam toradh an phróisis seo a fhógairt gan rómhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.